Thursday 4 June 2009

Preab Dheireanach na Meánaoise




Cad é mar atá sibh arís, a chairde? Tá a fhios agam go bhfuil an blag seo tréigthe agam le coicís anuas. Bhí mé ag cur dlaoi mhullaigh ar chúrsa céime páirtaimseartha a thosaigh mé ‘i gciancheoch na haimsire’, mar a déarfadh Mac Grianna, agus ar chúis amháin agus eile ní bhfuair mé faill á críochnú go dtí an tseachtain seo. Isteach liom chun na hollscoile maidin Dé Luain, mé ag feadaíl liom, aiste agus miontráchtas faoi m’ascaill agam, agus an scrúdú deireanach déanta an tseachtain roimh ré. Ní faoistin go dtí é. Le cuidiú Dé, ní thréigfear mo bhlag mar sin go rómhinic. Ar an idirlíon is ionann moilleadóireacht a dhéanamh agus bás a fháil!


Nach breá an aimsir a bhí againn ansin le seachtain anuas. An ghrian ag scoilteadh na gcloch. Is féidir go mbeidh deireadh léi amárach. Cuireann an aimsir mhaith ceol agus comhluadar sa saol; na céadta duine gealgháireach amuigh ar na sráideanna, comharsana béal dorais ag malartú beannachtaí agus ag clabaireacht, an fear uachtair reoite ina Pied Piper ag na páistí.


Agus ansin, buaileann mire an tsamhraidh cuid againn. Bhí mé ag inse daoibh tamall ó shin go mbímse féin is cara de mo chuid, Mícheál Ó Dufaigh, ag rothaíocht anois is arís. Ní haon mhór-rothaíocht í, caithfidh mé a rá. Cúpla míle anseo is ansiúd.


Tá sé i gceist againn, féachaint le gach iarracht a dhéanamh, ár seacht ndícheall a dhéanamh, tabhairt faoi – mar a deir lucht an mhaorlathais nuair a bhíonn doicheall orthu aon ghealltanas soiléir a thabhairt! – turas na hÉireann a dhéanamh, ó Chionn Mhálanna i dTír Chonaill go Carn Uí Néid i gCorcaigh, agus dul fríd cheithre cheantar Ghaeltachta ar an bhealach, mar atá, Baile na Finne, Tuar Mhic Éadaigh, Conamara, agus Cúil Aodha! Beidh muid ag fágáil Cionn Mhálanna ar an chéad lá de mhí Lúnasa, má tá an saol ina cheart agus má tá muidne inár gceart!


Tá dhá chúis mhaithe leis an dúshlán seo, agus cúis amaideach eile gan mhaith. Is iad an dá chúis mhaithe ná dhá charthanas fhiúntacha, ceann amháin acu ag plé le beatha agus bás, agus an ceann eile ag plé le cultúr is teanga, mar atá, CRY (Cardiac Risk in the Young), agus Naíscoil an tSratha Báin.


Is í an chúis amaideach gan mhaith atá leis an dúshlán seo ná go mbraithim rigor mortis na meánaoise ag spré agus ag leathnú fríd mo chorp le héirí gach gréine! Ba mhaith leis an bheirt againn éacht fhisiciúil amháin a chur i gcrích sula mbeidh sé rómhall, mura bhfuil sé rómhall cheana féin! Tá muid róshean don pheil, ach tá muid ró-óg don ghalf (mo mhórleithscéal, a lucht gailf!). Idir an bheirt againn beidh 33 chloch ar an dá rothar, agus sin sula mbeidh aon bhagáiste curtha orthu fiú! Ní bheidh aon veain ag taistil linn. Agus tá cúpla gortú ag cur as dúinn cheana féin: droim lag, glúin chnagarnach, gualainn scriosta, murnán ataithe srl srl. Beidh sé ina éacht má éiríonn linn imeacht as Dún na nGall fiú!


Ní bhrisfear aon taifead domhanda luais. Tá sé i gceist againn coicís a chaitheamh ar an turas seo, an giotár agus an bosca ceoil a thabhairt linn. Tá bealach oibrithe amach againn ina mbeidh orainn 65km sa lá a chur dínn. Cuirfidh na ceantair Ghaeltachta fad leis an turas, ach tá súil againn castáil le cúpla duine de mhuintir na háite, agus tá súil againn go gcuirfidh sé leis an radharc tíre a bheas againn, mar níl mórán taitneamhachta súl i gceist ar na príomhbhóithre móra. Tá mé féin ag smaointiú ar mo chuid Béarla a chur ar leataobh ar feadh coicíse féachaint an féidir le duine a bheith beo in Éirinn i nGaeilge amháin… ach tá plé ar siúl faoin ghealltanas sin go fóill!


Tá dhá mhí againn le hairgead a thógáil, mar sin de, má tchíonn sibh beirt fhear ag teacht in bhur dtreo, súile móra umhla ina gcloigeann, an liopa íochtarach ag gobadh amach, agus babhla déirce sínte rompu, bígí fial agus flaithiúil… preab dheireanach na meánaoise atá ann agus tá súil againn go dtabharfaidh sibh tacaíocht don iarracht. Fáilteofar roimh gach pingin.


Rabhadh

Ach caithfear a rá go hard is go soiléir, má theipeann orainn ar aon chúis (agus níl muid ag iarraidh go dteipfeadh), coinneofar gach pingin go fóill! Dálta díolacháin Eanáir, ní féidir aisíocaíocht a fháil ar dhá earra amhrasacha.


An dóigh le cuidiú agus le tacú?

Thig leat féin nó le d’eagraíocht deonúchán a dhéanamh isteach sa chuntas: Uimhir. 06153521 , Ainm: Gaelphobal No. 3 Account, Cód Sórtála 93-84-40, Banc an First Trust ar an tSrath Bán, nó thig leat seic a chur chugamsa @ Seán Mór Ó Daimhín, 31 Gairdíní Inis Fraoich, An Srath Bán, Tír Eoghain, BT82 8JD.


Nó má shíleann tú go dtig leat lóistín oíche a fháil (chomh saor agus is féidir) i dTuar Mhic Éadaigh, i gConamara, nó i gCúil Aodha sa chéad dhá sheachtain de mhí Lúnasa, bheadh sé iontach!

Má tá aon eolas eile ag teastáil, thig libh scríobh chugamsa ag sean_mor@hotmail.com