Monday 15 February 2010

An Glór Poblachtach


Bhí mé istigh in oifig áitiúil de chuid Shinn Féin an lá faoi dheireadh agus thug mé fá dear cóipeanna den iris úr Ghaeilge dá gcuid, An Glór Poblachtach, ar an chuntar. Bhí cuma mhaith ghairmiúil lándaite ar an iris. Tá aon alt déag istigh ann, chomh maith le focal fáiltithe ó cheannaire an pháirtí. Ní fios dom aon fhoilseachán den chineál seo a bheith ag aon pháirtí polaitiúil eile in Éirinn, mar sin de, fáiltím go mór roimhe, agus fáiltím roimh an ardán a thugann Sinn Féin don Ghaeilge taobh istigh den pháirtí tríd an iris seo agus An Phoblacht.

Cé go bhfuil an Ghaeilge mar chroí-ábhar ag níos mó ná leathchuid de na hailt, tá neart éagsúlachta san iris bheag seo fosta, ina bhfuil ailt faoi chúrsaí timpeallachta, an cogadh in Afganastáin, cúrsaí teicneolaíochta eolais, agus roinnt ábhar eile. Ó thaobh na Gaeilge de, tá ailt ann faoin ghaelscolaíocht, faoi fhorbairt na Gaeilge i nDoire, faoi oideachas lán-Ghaeilge Gaeltachta, agus faoi Ghaelú an pháirtí.

Tá méid na hirise leathbhealach idir A5 agus A4, rud a chiallaíonn nach bhfuil anailís fhada dhomhain i gceist le cuid mhór de na hailt. Tá na hailt gairid, agus tá stíl na hirise éadrom agus soléite. Ach in amannaí mhothaigh mé nach raibh alt ach ina thús, agus go tobann bhí deireadh leis. Caithfidh go raibh moill ar an iris a scaipeadh chomh maith, mar seanscéalta agus meirg orthu a bhí i gcuid de na hailt faoin am ar bhain an iris An Srath Bán amach.

Bhí roinnt earráidí cló ar fud na hirise agus beidh gá le súil níos géire eagarthóireachta amach anseo, agus beidh cinneadh le glacadh cé acu tá méid na hirise mór go leor, nó nach bhfuil, le hardán ceart a thabhairt do bhaill an pháirtí atá ag iarraidh ailt a bhfuil téagar iontu a sholáthar.

Tá an páirtí ar lorg 500 duine le síntiús a ghlacadh, le go mbeadh an iris slán agus i gcló ceithre huaire sa bhliain amach anseo, cé nach bhfuil sé i gceist ach dhá eagrán a chur i gcló in aghaidh na bliana san am i láthair. Deich bpunt in airgead na Breataine atá ar cheithre chóip... ní cuimhin liom cén costas euro atá uirthi. Ghlac mé féin síntiús leis an iris, agus mé ag súil leis an chéad eagrán eile.

Tús maith leath na hoibre.