Chuaigh mé féin is cara liom, Mícheál, ag rothaíocht thart fá cheantar Ghoirtín i dTír Eoghain tráthnóna Dé Sathairn seo chuaigh thart. Aimsir shamhraidh a bhí ann agus is doiligh a chreidbheáil go bhfuil mé i mo chónaí sa chontae seo le breis agus 45 bliain agus gan a fhios go bhfuil radharc tíre álainn againn ar shléibhte, ar aibhneacha, ar choillte, ar lochanna agus ar pháirceanna breá glasa.
Tá an bheirt againn ag smaointiú ar thuras na hÉireann a dhéanamh i rith an tsamhraidh ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid agus seo an chéad mhór-iarracht againn lá iomlán a chaitheamh ag an rothaíocht. Bhí 65 chiliméadar curtha dínn fán am a bhain muid An Srath Bán amach arís.
Níl aon mhodh taistil níos fearr ná an rothar le sult a bhaint as an dúlra atá thart orainn. Bronntanas a bhí sa rothar sléibhe seo, a cheannaigh mo bhean chéile dom ar an dá scór a bhaint amach dom.
Caithfidh mé imeacht, tá mo bhean ag iarraidh orm dul isteach agus comhluadar a dhéanamh léi!
maith thu Sean. Ni raibh thios agam go raibh blog agat sular leigh me an phost gur chuir tu ar mo blog.
ReplyDeleteTá fearadh na fáilte romhat isteach, a Antóin! Thosaigh mé an blog seo cúpla seachtain ó shin...
ReplyDelete