Thursday, 22 October 2009

Cuideachta na bhFoghlaimeoirí


An bhfuil tú ag foghlaim na Gaeilge? An bhfuil cúpla focal agat?
An raibh tú riamh ag Oireachtas na Gaeilge? Ar mhaith leat oíche a chaitheamh ag an Oireachtas le daoine eile atá ag foghlaim na Gaeilge? Beidh blaiseadh beag d'imeachtaí an Oireachtais ar an ardán: damhsa ar an sean-nós, amhránaíocht, ceol, lúibíní, agallamh beirte, scéalaíocht agus go leor eile. Beidh Tráth na gCeist Boird againn chomh maith le duaiseanna. Beidh fáilte roimh fhoghlaimeoirí iad féin ceol nó damhsa a dhéanamh! Agus isteach linn chuig Club na Féile ina dhiaidh. Úsáid do chuid Gaeilge!!

Tuilleadh Eolais: cuir scairt ar 087 9670 985 (ó na Sé Chontae is fiche) nó ar 079 1266 2796 ó na Sé Chontae.

6 comments:

  1. An smaoineamh. Ba cheart duit an fógra a sheoladh chuig an druma mór agus eolas-ibi freisin.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, a Aonghuais, déanfaidh mé amhlaidh!

    ReplyDelete
  3. Nílim in ann é a íoslódáil!

    An bhféadfá cóip den phóstaer a sheoladh chugam ag miseaine ag gmail ponc com, a Sheáin, agus cuirfidh mé cúpla cóip suas timpeall na háite seo.

    An-phlean atá ann. Maith thú!

    ReplyDelete
  4. Och. Nach breá liom a bheith ann. Agus feicim Seosamh O Neachtain ar an bpóstaer.. an mbeidh sé ann? Bhí sé ar mo thaobh den áigéan an seachtain seo chaite, 's bhuail mé leis.

    Beidh an-am agaibh! Bain sult 's bail o Dhia oraibh!

    ReplyDelete
  5. Seol mé r-phost chugat ar ábhar eile chuig an seoladh atá luaite leat ag hotmail. An bhfuair tú é?

    ReplyDelete