Friday, 2 April 2010

Mórchuid Gael agus Gannchuid Scéal


Is breá liomsa léamh. Léim achan chineál meán; nuachtáin, irisleabhair, suímh idirlín, leabhair. Is breá liom ábhar an-éagsúil a léamh i nGaeilge agus i mBéarla. Bhí an-díomá orm nuair a tháinig deireadh le Lá Nua, cé nár shíl mé go raibh caighdeán ard go leor bainte amach ag Lá Nua mar pháipéar laethúil (ach is mó de locht a bhí ar an easpa maoinithe ná ar easpa talainne na n-iriseoirí agus 'na soláthraithe ábhair'). Níor mhothaigh mé an oiread céanna díomá nuair a d'imigh Foinse as cló, cé go raibh caighdeán níos fearr bainte amach acu ná mar a bhí bainte amach ag Lá Nua - i mo bharúil féin! An fhadhb a bhí agamsa le Foinse, ná nach mbíodh mórán ábhair ann a thógadh mo spéis agus nár bhain sé mórán leis an taobh tíre ina bhfuil mise i mo chónaí. Ar dhóigh, tá an Foinse-Lite úr níos suimiúla mar pháipéar ná an sean-Foinse, cé nach bhfuil an caighdeán céanna i gceist, nó b’fhéidir nach bhfuil an dáiríreacht chéanna i gceist. Faighim Nuacht24 fríd an phost gach Satharn anois, agus caithfidh mé a rá gur nuachtán iontach maith é nuair a chuimhnímid nach bhfuil aon mhaoiniú á fháil aige.

Ach bheinn ag súil le i bhfad níos mó ó phríomhnuachtán náisiúnta seachtainiúil na Gaeilge, a mbeadh tacaíocht Fhoras na Gaeilge aige, agus is ar an ábhar sin a bhí mé ar bís ag fanacht ar sheoladh Gaelscéal an tseachtain seo caite. Bhí roinnt fadhbanna dáileacháin acu, agus tuigim sin, agus ní bhfuair mé féin cóip den chéad eagrán go dtí an tseachtain seo. Ach lena gceart a thabhairt do mhuintir Gaelscéal, bhí an fhadhb áirithe dáileacháin sin réitithe acu an tseachtain seo agus tháinig an dara heagrán go dtí an siopa coirnéil anseo thart fá 200 méadar ó mo theachsa.

Tá an chuid is mó den dara heagrán de Gaelscéal léite agam anois, agus seo thíos mo thuairim ar a bhfuil ann. Is ar mhaithe le forbairt an pháipéir a thugaim na tuairimí seo, agus is tuairimí iad seo ó dhuine nach mbeadh in ann an obair atá le déanamh ag Gaelscéal a dhéanamh, mar nach bhfuil aon taithí ná eolas agam ar cheird na hiriseoireachta ón taobh táirgiúlachta. Ach mar a deirim le cara de mo chuid atá i mbanna beag ceoil liom ‘ná déan dearmad, a Phóil, is gairmí ceoil gach éisteoir fosta’. Mar an gcéanna leis an iriseoireacht, is gairmí gach léitheoir.

Faoin am ar bhain mé leathanach 15 amach sa dara heagrán de Gaelscéal, bhí mé plúchta, tachtaithe, agus stalctha ag scéalta faoin Ghaeilge. Bhí scéalta faoin Ghaeilge sa nuacht náisiúnta, scéalta faoin Ghaeilge sa nuacht Ghaeilge, scéalta faoin Ghaeilge sa nuacht réigiúnach, scéalta faoin Ghaeilge i rannóg na tuairmíochta, scéalta faoin Ghaeilge san eagarfhocal, scéalta faoin Ghaeilge sa rannóg ‘súil siar ar an stair’, srl srl srl. Ba doiligh dom gan smaointiú ar an chur síos a rinne Myles na gCopaleen in An Béal Bocht ar an Fheis Mhór i gCorca Dhorcha, agus ar an damhsa Gaelach, an plé Gaelach agus an tóin Ghaelach. Bhí an oiread sin scéalta faoin Ghaeilge sa chéad 14 leathanach den pháipéar seo, go raibh cuma ar na hailt eile, ar nós Dídean don tSile agus Saibhreas agus Daibhreas sa Bhrasaíl, go raibh siad sa pháipéar contráilte. Agus cén bhaint a bhí idir saibhreas agus daibhreas sa Bhrasaíl agus ‘nuacht náisiúnta’?


Mholfainn go láidir don eagarthóir scéalta faoin Ghaeilge a choinneáil sa rannóg Nuacht Ghaeilge, ach amháin nuair is léir gur fíor-nuacht náisiúnta atá ann, tuarascáil an Choimisinéara Teanga mar shampla. Agus bhí an t-alt faoin Choimisinéir Teanga ar cheann de na hailt is fearr agus is tábhachtaí i dtaca leis an Ghaeilge san eagrán seo, cé gurbh fhiú tuairimí eile, ar nós na dtuairimí atá nochta ag iGaeilge, a bheith ann le dearcadh eile a chur amach ansin faoin Ghaeilge agus an státchóras. Is leor dhá leathanach de scéalta Gaeilge in aon seachtain amháin, nó tá contúirt ann nach mbeidh in Gaelscéal ach leagan seachtainiúil den pháipéar Saol. Beidh obair ar Cholm Ó Torna aon rud úr a chur in Saol na míosa seo anois. Bhí cuma ‘cut and paste’ ar chuid de na hailt sin chomh maith, ailt ar tógadh formhór a bhfocal ó bhlaganna, suímh idirlín srl, ach bhí cuid eile acu ar chaighdeán an-sásúil. Níl ann ach go raibh i bhfad barraíocht acu ann a bhí ag díriú ar cheist na Gaeilge.

D’fhág seo uilig nach raibh aon spás fágtha fá choinne mórscéalta nuachta náisiúnta: Peter Robinson faoi bhrú arís faoi chúrsa airgid agus pleanála, First Trust á dhíol, titim tubaisteach teacht isteach cánach an Rialtais, níos mó plé faoin chomhaontú náisiúnta idir an rialtas agus na ceardchumainn (cé go n-aithním go raibh gné amháin den scéal seo ar an chéad leathanach agus is maith sin), grianghraif agus scéalta faoi thionchar na drochaimsire ar an phobal agus ar an soláthar leictreachais in go leor ceantracha, Cathaoirleach an Bhoird Phóilíneachta bainte le comhlacht atá á scrúdú ag Péas na Sé Chontae srl. Tá gá fosta le fócas níos fearr ar nuacht idirnáisiúnta, seachas ‘cibé rud a thig linn a bhailiú ó cibé tír’. Dhá alt i ndiaidh a chéile faoin tSile, le coicís anuas, níl a fhios agam an léiríonn sin an fócas ceart (cé gur thaitin na hailt sin liom).


Faoiseamh
D’imigh mé liom fríd an chuid eile den pháipéar ag léamh an chéad pharagraf d’achan alt ag cuartú rud éigin a bhéarfadh greim ar mo mhuinéal agus mé a tharraingt isteach…is beag mo shuim sa smideadh ná san fhaisean, ar aghaidh liom, ná faisin an earraigh, ar aghaidh liom (ach bheadh suim ag go leor léitheoirí eile sna rudaí seo agus is maith ann iad sa pháipéar), an mbeidh Microsoft ábalta do Apple, is cuma liom faoi sin, ‘google agus an great firewall’ bheadh suim agam sa scéal sin ach bhí cuma róghairid ar an alt le haon eolas úr a thabhairt dom, ar aghaidh liom go rannóg an chomhshaoil… bhám bám, ‘suigh síos, sea, suigh síos agus lig scíth mar táim ar tí rud éigin a insint daoibh’ a scríobh Páidí Ó Lionáird. Bhí greim mhuinéil aige orm cheana féin, thosaigh ag léamh, agus ar leathanach 21, i ndiaidh turas fada a chur díom fríd an pháipéar, tháinig mé ar alt den chéad scoth nár bhain leis an Ghaeilge, alt úr, dearcadh úr, ag scríobh faoi cheist mhór na cumhachta núicléiche. Bulaí fir, a Pháidí, cé nach bhfuil aithne ar bith agam ort!

Grianghraif
Rud eile de, cuid mhór grianghraf sa pháipéar seo, is grianghraif de dhaoine ag seoltaí oifigiúla, páipéirí, bileoga eolais agus seiceanna sna lámha acu, iad uilig ina seasamh in ord agus in eagar, agus b’fhéidir i línte, rud nach gcuidíonn le ‘beocht’ a chur sa pháipéar. Chuirfeadh siad coladh céad bliain ort. Grianghraf maith a bhí ann de Ryan Tubridy agus Anne Phelan, agus ‘comhluadar thuas i nDoire’. Níos mó de sin, le do thoil, más féidir. Mar sin féin, bhí cuid de na híomhánna sa dara cuid den pháipéar níos fearr agus níos tarraingtí.

Focal Scoir
Bhuel, sin agaibh mo chéad tuairimí ar Gaelscéal. Tá mé féin ar mo dhícheall chun tacú leis an pháipéar i mo cheantar féin. Tá sé ar fáil i 7 siopa éagsúla ar an tSrath Bán ó inniu, agus d’éist muintir Gaelscéal linn agus rinne siad na socruithe a d’iarr muid orthu a dhéanamh le go mbeadh sé ar fáil in an oiread siopaí agus is féidir agus ina gceannófaí roinnt cóipeanna. Aon ghníomhaí teanga amuigh ansin atá ag smaointiú ar racht éigin a ligint an tseachtain seo faoin saol Gallda ina bhfuil muid beo, nó faoi bhunaíocht oifigiúil na Gaeilge, nó eile… ná déan é go dtí go bhfuil cúpla uair a chloig curtha isteach agat ag iarraidh ar chainteoirí Gaeilge an nuachtán seo a ordú, agus eolas a chur chuig na siopaí agus chuig Gaelscéal. Mothóidh tú i bhfad níos fearr agus i bhfad níos dearfaí!

Ach caithfidh muintir Gaelscéal éisteacht lenár dtuairimí go cúramach, agus leasuithe a dhéanamh dá réir!

5 comments:

  1. Aontaím go huile is go hiomlán leat. An rud atá de dhíth uainn ná nuachtán i nGaeilge, ní nuachtán na Gaeilge. B'fhiú dóibh breathnú ar an Irish Times, Le Monde, USA Today nó Clarín san Airgintín chun samhail mhaith a fheiceáil. Ba bhreá liom é dá mba rud é go raibh scéalta ann faoi imeachtaí atá ag titim amach ar fad na cruinne. I ndáiríre, ní tharlaíonn dúrud imeachtaí móra i saol na Gaeilge gach seachtain mar sin ní bhfiú bheith ag scríobh fúthu.

    ReplyDelete
  2. A Sheáin a chara,
    admhaíonn tú ná fuil ceird na hiriseoireachta agat agus an ceart agat. Tá an blag thuas chomh fada le smuga ag titim ó shrón Dev go talamh! D'fhéadfá ollghearradh a dhéanamh air agus a chroí a choimeád. Ar aghaidh leat. Beidh mo shúil air!
    An Sadal.

    ReplyDelete
  3. Admhaím, a Shadail, go bhfuil sé rud beag 'spágach' ina chur chuige! ;-)

    ReplyDelete
  4. @' Aon ghníomhaí teanga amuigh ansin atá ag smaointiú ar racht éigin a ligint an tseachtain seo faoin saol Gallda ina bhfuil muid beo, nó faoi bhunaíocht oifigiúil na Gaeilge, nó eile… ná déan é go dtí go bhfuil cúpla uair a chloig curtha isteach agat ag iarraidh ar chainteoirí Gaeilge an nuachtán seo a ordú, agus eolas a chur chuig na siopaí agus chuig Gaelscéal. Mothóidh tú i bhfad níos fearr agus i bhfad níos dearfaí!'

    Aontaím leat, a chara! Agus, is amhlaidh a rinne mé féin...;-)

    Alt maith uait, a Sheáin, mar is iondúil. Tuairimí spéisiúla roinnte agat, agus comhairle chiallmhar ag teacht ó na tuairimí sin, i dtuairim an, ahem, ghairmí seo, ar aon nós.

    ReplyDelete