Tuesday 12 October 2021

Stiofán Mac Aoidh (1964 – 2021): ceannaire cultúrtha ó chúl an tseomra

Stiofán i mbun damhsa ag bainis teaghlaigh

 

Tuairisc bháis ó Ghaelphobal - Craobh Ghearóid Mhic an Chrosáin de Chonradh na Gaeilge, An Srath Bán.

Deireadh Fómhair 2021

Chaill muintir an tSratha Báin ceannaire cultúrtha, fear a bhí ciúin ach a raibh an-tionchar aige, nuair a fuair Stiofán Mac Aoidh bás go moch ar maidin Dé Sathairn 2 Deireadh Fómhair, i ndiaidh dó a bheith tinn ó mhí an Mhárta i mbliana. Ba mhaith linne i bpobal Gaeilge an tSratha Báin aitheantas agus buíochas a thabhairt don obair ollmhór atá déanta ag ár ndlúthchara Stiofán ar feadh breis agus tríocha bliain.

Ní fheicfí Stiofán ag aon phóidiam ná sa phreas, d’fhágadh sé an ghné phoiblí sin ag daoine eile.  Ach níor tharla aon fhorbairt i saol na Gaeilge ar an tSrath Bán gan eisean a bheith i lár an aonaigh ann, i gcuideachta a mhná céile agus a anamchara Brídín, bíodh sin ag eagrú ranganna seachtainiúla Gaeilge agus ag freastal orthu, luathbhlianta bunaithe na Naíscoile agus na Gaelscoile go háitiúil, scoláireachtaí Gaeltachta gach bliain do dhaltaí meánscoile sa cheantar, deirí seachtaine tumchónaithe i nGartán agus i nGoirtín do theaghlaigh labhartha Gaeilge, deirí seachtaine tumchónaithe d’fhoghlaimeoirí fásta i nGleann Cholm Cille agus i nDoirí Beaga, imeachtaí sóisialta rialta agus Seachtain na Gaeilge gach bliain, mór-thiomsú airgid gan stad gan staonadh, comharthaí Gaeilge ar fud na sráideanna, comórtais Ghaeilge do pháistí scoile go háitiúil, ceolchoirmeacha agus seisiúin cheoil, ag cuidiú leis an lár-ionad Gaeilge a bhíodh ag Gaelphobal i lár an bhaile, ag reáchtáil imeachtaí urraithe ar nós dreapadóireachtaí agus siúlóidí,  ag cuidiú le hÓgras an club óige i Sráid an Fhuaráin, ag siúl shráideanna an tSratha Báin agus ag cnagadh ar achan doras leis an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn in 1997 nuair a bunaíodh Gaelscoil Uí Dhochartaigh agus ar feadh na luathbhlianta sin.

Ar feadh blianta fada, bhí Stiofán ina oibrí díograiseach luachmhar ar choistí éagsúla, ar a n-áirítear Conradh na Gaeilge agus Gaelphobal, agus an Ghaelscoil agus an Naíscoil. Tá go leor eile a d’fhéadfaimis a chur leis an liosta sin. B’iad na scileanna ba láidre a bhí aige ná a scileanna eagrúcháin agus a scileanna tiomsú airgid; duine é a bhí in ann daoine agus acmhainní teoranta airgid araon a bhainistiú leis an leas is fearr is féidir a bhaint astu. Ba eisean an t-eagraí ba lárnaí agus ba thábhachtaí sa chrannchur bliantúil deich seachtaine a bhíodh ag Gaelphobal le linn mhíonna an gheimhridh ar feadh breis agus deich mbliana, agus gan an crannchur seo ní bheadh an ghaelscoil úr Gaelscoil Uí Dhochartaigh, ná Naíscoil an tSratha Báin, in ann maireachtáil. Thug muintir an tSratha Báin lántacaíocht don chrannchur seo agus don chuspóir a bhí leis: chastaí cosa fuara na n-oibrithe deonacha le croíthe teo na ndaoine.

Chuaigh spéiseanna cultúrtha agus tionchar cultúrtha Stiofáin ní b’fhaide ná pobal na Gaeilge. Bhí dúil mhór aige sa bhosca ceoil, uirlis a d’fhoghlaim sé ina óige mar bhall de Bhuíon Ceoil Naomh Oilibhéar Pluincéad, banna ar chuidigh a athair féin Dicky lena thoiseacht in 1975 faoin ainm Buíon Bhoscaí Cheoil na Moirne. Ba bhreá leis poirt mháirseála a sheinm ar sheanbhosca ceoil a athar, de dhéanamh Paolo Soprani, ar feadh na mblianta, i gcomhluadar a theaghlaigh agus i measc cairde. Nuair a cuireadh tús in athuair le Paráid na Féile Pádraig sa bhaile mór in 2006 ní raibh aon bhanna ceoil ar fáil sa chéad bhliain sin. “Ní féidir paráid a bheith ann gan banna ceoil” a dúirt Stiofán ag an am sin. An bhliain dár gcionn, rinne Stiofán obair thábhachtach le banna ceoil úr, Buíon Cheoil na Féile Pádraig, a bhunú agus le ceoltóirí a mhealladh chuige. Ghlac 88 ceoltóir páirt sa bhanna ceoil sin sa dara bliain den pharáid athbhunaithe, agus tá an banna ag leanúint go dtí an lá inniu.

Ba mhinic a théadh Stiofán chuig seisiúin cheoil thraidisiúnta fosta, a reáchtáladh CRAIC agus an Comhaltas, agus bhíodh an bodhrán i gcónaí faoina ascaill aige. Ba é an ríl, ar luas lasrach, an fonn ba mhó a thaitníodh leis a thionlacan. Agus Stiofán ina luí sa teach faire i ndiaidh a bháis, sheinn baill teaghlaigh agus dlúthchairde na hamhráin agus na foinn ab ansa leis i seomra na cónra. Téann ceol san anam. Tá sean-Phaolo Soprani a athar bronnta anois ar a iníon féin Róise, an chéad ghlúin eile.

Ina shaol oibre, ba shiúinéir agus ba cheardaí ardoilte é Stiofán, ach as a stuaim féin a d’fhoghlaim sé. D’oibríodh sé le hurláir, doirse, tíleanna, seomraí folctha, páipéar balla, péintéireacht, tírdhreachú gairdín, tithe crainn, síleálacha, pluiméireacht, leictreachas, córais teasa, teallaigh, sconsaí, agus aon rud eile a raibh scil agus saineolas de dhíth fána choinne. Tá toradh a shaothair le fáil sna céadta teach ar an tSrath Bán agus sa cheantar máguaird. Le cois a chuid scileanna ceardaíochta, ba chócaire críochnaithe é Stiofán chomh maith, scil a d’úsáideadh sé le cairde a óstáil ina theach féin le Brídín, agus le linn imeachtaí Gaeilge amhail na deirí seachtaine cónaithe fá choinne teaghlach i nGoirtín, áit ar mhinic a dhéanadh sé cócaireacht le haghaidh suas le 60 duine ar feadh trí lá.

Léadh Stiofán cuid mhór faoi stair na hÉireann, agus choinníodh sé súil mhaith ar chúrsaí polaitiúla. Is minic a deireadh daoine go mbíodh léargas cruinn beacht aige ar imeachtaí a bhíodh ag titim amach ag aon am ar leith. Bhí féiniúlacht láidir náisiúnta Éireannach aige, ar ndóigh, agus bhí an Ghaeilge ina gné lárnach de sin. Ach, rinne sé dlúthchairdis le daoine ón phobal aontachtach, cuid mhór acu a chastaí air ina shaol oibre.

Bhí féith an ghrinn go smior ann agus bhí sé an-abartha. Bhíodh dhá chuspóir lena ghreann agus lena mhagadh; le hardú croí agus spraoi a chur sa seomra, nó le dealg a chur i sáil duine againn a bhí ag éirí in airde. Sa ghníomh beag deireannach grinn a bhí aige, shocraigh sé go gcasfaí an t-amhrán clúiteach ‘Going Underground’ leis An Jam ag a uaigh i ndiaidh dó féin a bheith íslithe sa chré. Chuir an gníomh beag sin aoibh an gháire, díreach ag an am ceart, ar go leor daoine a bhí go mór faoi bhrón. Bhí dúil as cuimse aige sa mhod-cheol nuair a bhí sé ina dhéagóir, dúil a choinnigh sé go deireadh a shaoil.

Clann agus cairdeas an dá chloch ba mhó a bhí ar phaidrín Stiofáin. Níor fhág sé cara ná ball teaghlaigh ar leataobh i rith a shaoil. Bhí dúil mhór aige san eachtraíocht lasmuigh faoin spéir, sa champáil agus sa tonnmharcaíocht, agus is iomaí eachtraíocht a bhí aige ar feadh chósta iarthar na hÉireann i gcomhluadar a chairde agus a chlainne. Is minic a deir a pháistí féin go bhfuil an t-ádh dearg orthu go raibh a leithéid d’óige acu, agus fanóchaidh na dea-chuimhní seo dá n-athair ina gcroí go deo anois. Ba mhinic gur le seisiún amhránaíochta, tine champa agus gloine fíon dearg a chuirtí críoch le himeachtaí an lae an t-am sin. I gcomhar le Brídín, chaitheadh sé am ag spraoi lena ngarpháistí, agus lena nianna agus neachtanna.   

Bhí freastal mór ar shochraid Stiofáin Dé Luain 4 Deireadh Fómhair, chomh maith le Garda Onóra ag daltaí agus baill foirne na Gaelscoile, ag daltaí Choláiste na Croise Naofa, agus ag baill de phobal na Gaeilge ar an tSrath Bán. I ndiaidh na sochraide, bhí seisiún ceoil traidisiúnta, lán mothúchán agus lán cumhachta, i gClubtheach Chumann Mhic Shioghair i gcuimhne ar shaol Stiofáin, rud a léirigh cé chomh tábhachtach agus a bhí sé i saol cuid mhór daoine.

Thar ceann phobal iomlán na Gaeilge ar an tSrath Bán, ba mhaith linne i gCraobh Ghearóid Mhic an Chrosáin de Chonradh na Gaeilge, ár gcomhbhrón ó chroí a dhéanamh lenár mball féin Brídín, bean chéile agus anamchara fad saoil ag Stiofán, lena pháistí Danny, Seán agus Róise agus a bpáirtithe siúd, lena gharpháistí, lena chuid deartháireacha agus deirfiúracha uilig, le muintir Mhic Lochlainn, agus lena chuid mhór dlúthchairde. Mairfidh na cuimhní ar Stiofán go deo na ndeor linn, agus beidh toradh a chuid oibre agus a chuid dúthrachta le feiceáil fad agus a bheas an ghaelscolaíocht beo beathach ar an tSrath Bán. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.

4 comments:

  1. Beannachtaí do chách, is mise Bean Ezra Siobhan Tá fianaise inláimhsithe agam ar conas a fuair mé iasacht ar líne do mo thionscadal. Is múinteoir Gaeilge mé a fuair mé 50,000.00 EURO ar iasacht ó bhean Dé darbh ainm Mrs Shannon Waylen. Thairg sí iasacht dom ag ráta úis 3% agus fuair mé m'iasacht i níos lú ná 5 lá oibre, má tá iasacht de chineál ar bith ag teastáil uait is féidir leat teagmháil a dhéanamh léi trí ríomhphost: {shannonwaylenloancenter@yandex.com} Más gá go mbeadh a fhios agat go bhfuil sí. fíor agus iontaofa

    ReplyDelete
  2. Beannachtaí do chách, is mise Bean Ezra Siobhan Tá fianaise inláimhsithe agam ar conas a fuair mé iasacht ar líne do mo thionscadal. Is múinteoir Gaeilge mé a fuair mé 50,000.00 EURO ar iasacht ó bhean Dé darbh ainm Mrs Shannon Waylen. Thairg sí iasacht dom ag ráta úis 3% agus fuair mé m'iasacht i níos lú ná 5 lá oibre, má tá iasacht de chineál ar bith ag teastáil uait is féidir leat teagmháil a dhéanamh léi trí ríomhphost: {shannonwaylenloancenter@yandex.com} Más gá go mbeadh a fhios agat go bhfuil sí. fíor agus iontaofa




    Beannachtaí do chách, is mise Bean Ezra Siobhan Tá fianaise inláimhsithe agam ar conas a fuair mé iasacht ar líne do mo thionscadal. Is múinteoir Gaeilge mé a fuair mé 50,000.00 EURO ar iasacht ó bhean Dé darbh ainm Mrs Shannon Waylen. Thairg sí iasacht dom ag ráta úis 3% agus fuair mé m'iasacht i níos lú ná 5 lá oibre, má tá iasacht de chineál ar bith ag teastáil uait is féidir leat teagmháil a dhéanamh léi trí ríomhphost: {shannonwaylenloancenter@yandex.com} Más gá go mbeadh a fhios agat go bhfuil sí. fíor agus iontaofa

    ReplyDelete
  3. Dia duit, Nira is ainm dom. Bhí mé i gcaidreamh le Anderson ar feadh na mblianta, ach bhris sé suas liom. Rinne mé gach rud a d'fhéadfainn é a fháil ar ais, ach bhí sé ar fad in vain. Theastaigh uaim ar ais go mór é mar gheall ar an ngrá atá agam dó. D'impigh mé air le gach rud, rinne gealltanais, ach dhiúltaigh sé. Mhínigh mé mo fhadhb do mo chara, agus mhol sí dom dul i dteagmháil le caster litrithe a d'fhéadfadh cabhrú liom seal a chaitheamh chun é a thabhairt ar ais. Cé nár chreid mé riamh i geasa, ní raibh aon rogha eile agam ach é a thriail. Mar sin chuir mé ríomhphost chuig an caster litrithe, agus dhearbhaigh sé dom go mbeadh gach rud go breá i dtrí lá, agus go dtiocfadh mo shean-duine ar ais chugam. Ionadh, tharla sé ar an dara lá timpeall 4 pm. Ghlaoigh mo sheanfhear orm, ghabh sé leithscéal as gach rud, agus dúirt go raibh sé ag iarraidh filleadh orm mar go raibh an oiread sin grá aige dom. Bhí mé chomh sásta agus chuaigh mé ar ais chuige. Thosaigh muid ag maireachtáil le chéile go sona sásta arís. Gheall mé d'aon duine a bhfuil aithne agam air a bhfuil fadhb caidrimh acu go ndéanfainn iad a tharchur chuig an té a bhí fíor agus cumhachtach amháin a chuidigh liom le m'fhadhb. Má theastaíonn a chabhair uait, is féidir leat ríomhphost a chur chuige ag babawalewiseman01@gmail.com Cuireann sé cineálacha éagsúla geasa ar fáil, lena n-áirítear geasa grá, geasa grá caillte, geasa colscartha, geasa pósta, geasa ceangailteach, geasa a bhriseadh, cosc a chur ar ghaolta ón am atá thart. , geasa cur chun cinn oibre, geasa sásaimh, agus leigheas ar aon ghalar atá ort. Déan teagmháil leis chun réiteach buan a fháil ar aon fhadhb a d’fhéadfadh a bheith agat.
    via babawalewiseman01@gmail.com WhatsApp +2348136951551 viber: 2348136951551

    ReplyDelete
  4. Táim anseo chun an gearrscéal seo atá agam a roinnt. Baineann sé leis an gcuideachta agus na hairíonna a d'fhág m'athair ina dhiaidh sula bhfuair sé bás. Toisc nach raibh mórán eolais agam faoina ghnó, bhí cuid dá chomhpháirtithe ag beartú mé a chiceáil amach as na maoine. Bhí mearbhall orm faoi gach rud. thosaigh rudaí ag dul amú. Níl a fhios agam cé chuige a gcloisim. Tugadh an cheist chun na cúirte ach tá an chuma ar an scéal go raibh sé ag dul i bhfabhar mo fhealltóra. dúirt an fealltóir liom nach mbeidh aon rud le rá agam go deo go gcuirfidh sé faoi ghlas mé. Chuir sé seo go léir orm dul i ndúlagar. Bhí mé ag dul amú i ngach réimse. ach seo é an casadh timpeall ar gach rud. lá amháin bhí mé ag léamh ar an idirlíon agus sin mar a rith mé isteach sa leathanach DR WALE. Ar a leathanach chonaic mé go leor dea-scéala agus teistiméireachtaí mar gheall air, an chaoi ar chabhraigh sé le go leor daoine cás cúirte a bhuachan agus go leor rudaí maithe eile a dhéanamh do dhaoine. Mar sin rinne mé teagmháil leis agus mhínigh mé gach mionsonra faoi mo chás dó as sin amach. Dúirt an DR WALE liom nach bhfuil aon rud eagla orm faoi, d'inis sé dom rudaí le déanamh agus rudaí a bhí orm a íoc agus rinne mé íocaíocht as gach rud agus lean mé na treoracha. Agus seo á chlóscríobh agam anois tá an mhaoin agus an chuideachta ar fad tugtha ar ais dom ag an gcúirt. Níl a fhios agam conas a rinne DR WALE a miracle agus a draíocht. Tá smacht iomlán agam ar gach rud anois. Míle buíochas le DR WALE. Táim fíor bhuíoch díot. Is féidir leat DR WALE a bhaint amach ar a WhatsApp/Viber/Telegram: +2347054019402 nó Ríomhphost: drwalespellhome@gmail.com

    ReplyDelete