Thursday 23 April 2009

Ar deoraíocht i mo thír féin

Cuireadh rud beag oilc orm inniu. Deirim rud beag, mar san aois a bhfuil mé anois ní fiú a bheith ag éirí róthógtha fá chúrsaí an tsaoil. Tá post agam sa chuid sin d'Éirinn ar éirigh léi fáil réidh le riail Shasana, agus is breá liom an oiread gnó agus is féidir liom a dhéanamh tríd an idirlíon.... cuntas bainc, íocaíochtaí áirithe srl. Mar sin de, d'fhéach mé le clárú ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim le go mbeinn in ann mo ghnó cánach a dhéanamh ar an idirlíon. Ní bhfuair mé freagra le seachtain nó dhó, agus inniu fuair mé freagra ó dhuine éigin sa Roinn sin ag cur in iúl nach féidir liomsa clárú... agus i measc rudaí eile bhí an líne seo ann... 'The reason you have not been successful is that you have a foreign address on our records.'

An síleann sibh go mbeadh Pádraig Mac Piarais agus Séamas Ó Conghaile agus fiú Mícheál Mór Ó Coileáin sásta leis an dearcadh atá léirithe ag daoine mar seo ar a gcomh-Éireannaigh sna Sé Chontae?

Scríobh mé ar ais chuige ag cur in iúl go raibh díomá orm nach mbeinn in ann an tseirbhís a úsáid, agus ar ndóigh, chuir mé mo mhíshásamh mór in iúl gur thug sé 'seoladh eachtrannach' ar mo sheoladh breá Éireannach agus Gaelach. Tá sé olc go leor nach dtig linn Éire Aontaithe a fháil, tá sé olc go leor go bhfuil orainn a bheith faoi dhlí Shasana go fóill, ach is measa i bhfad é nuair a dhéanann an Stát a mhaíonn oidhreacht an Phiarsaigh agus Uí Choileáin srl iarracht tú féin agus an píosa talún ar a bhfuil tú a dhíbirt as do thír dhúchais féin.

Monday 20 April 2009

Grian, Gleann agus Gaeilge


Nach breá an deireadh seachtaine a bhí againn ó thaobh na haimsire de!! Níl a fhios agam cad é mar a bhí sé agaibhse thíos ansin i Leath Mhogha, ach bhí muidne anseo i Leath Chuinn scallta leis an teas. Reáchtáil mé deireadh seachtaine Gaeilge fá choinne foghlaimeoirí fásta thíos i nGleann Cholm Cille ón Aoine go dtí an Domhnach, agus tá siad siúd a d’fhreastail ar an ócáid ag maíomh anois gur draoi aimsire de chineál éigin atá ionam. Cha dtearn sé dochar ar bith d'íomhá na Gaeilge cibé ar bith.

Tá an deireadh seachtaine Gaeilge sin á bheartú le roinnt míonna anuas, ach is beag obair a rinne mé air go dtí go raibh sé sa mhullach orm… fear an bhomaite dheireanaigh mé féin. Is é mo mhórthuairim féin, i measc cuid mhór mórthuairimí eile atá agam, nach bhfaigheann foghlaimeoirí fásta go leor deiseanna leis an Ghaeilge a chleachtadh mar is ceart. Nuair a deirim 'foghlaimeoirí' is é atá i gceist agam anseo ná gach duine nach cainteoir dúchais é nó í, mé féin ina measc. Níl mé ag maíomh anseo nach bhfuil rud ar bith le foghlaim ag cainteoirí dúchais chomh maith, tá leoga, tá. Ach ní daoine iad sin a d'fhoghlaim an teanga. Bronnadh orthu í ón chliabhán.

Mar is eol dúinn uilig, bíonn sé de nós ag lucht foghlamtha na Gaeilge cuairt a thabhairt ar an Ghaeltacht agus iad ag súil go gcluinfidh siad an Ghaeilge agus go mbeidh deis acu féin triail a bhaint as a bhfuil foghlamtha acu. Ach ní mar a shíltear bítear. Bhuel, is é mo thaithí pearsanta féin go labhraíonn foghlaimeoirí fásta níos mó Béarla ná Gaeilge nuair a bhíonn siad ar thuras chun na Gaeltachta. Sin í an fhírinne lom. An bhfuil éinne chun mé a bhréagnú? Ach tá cúis mhaith leis.

Ar an chéad dul síos, is ionann cainteoirí dúchais Gaeilge agus cainteoirí dúchais Béarla; bíonn siad gnoitheach, ní bhíonn mórán ama acu, tá cúramaí an tsaoil orthu chomh maith le gach duine eile. Níl siad beo le bheith ag tabhairt ceachtanna Gaeilge do lucht foghlamtha na Gaeilge nó ag freagairt gach ceist faoi gach focal dá raibh riamh sa teanga. Ní bhíonn an t-am acu achan chúram eile a chaitheamh ar leataobh le go mbeifí in ann suí síos agus a bheith mar áisitheoir teanga ag gach foghlaimeoir a thagann chun na Gaeltachta. Mar sin de, má shíleann siad go bhfuil an foghlaimeoir ag streachailt lena dtuigbheáil, tiontóidh siad ar an Bhéarla, ar mhaithe le cúirtéis. Cuireann seo beaguchtach ar an fhoghlaimeoir, mar go gcreideann siadsan go bhfuil ag teip ar fad orthu aon chumarsáid fhiúntach a dhéanamh sa Ghaeilge. Coimhthíoch ina thír féin atá san fhoghlaimeoir fásta sa Ghaeltacht, ag iarraidh a bheith páirteach ach fágtha ar an imeall…ar nós droch-cheoltóra i measc ceoltóirí den scoith, nó ionadaí ar fhoireann peile a dhéanann an traenáil ar fad ach nach bhfaigheann choíche aon deis chun imirt. Sin an fáth go n-éiríonn cuid mhór foghlaimeoirí fásta as an Ghaeilge i ndiaidh cúpla mí, nó fiú cúpla bliain. Ní fheiceann siad aon fhiúntas.

Sa lá atá inniu ann tá gach áis ar fáil don lucht foghlamtha; dlúthdhioscaí, cúrsaí ilmheáin, an t-idirlíon, gutháin phóca as Gaeilge, foclóir don ghuthán póca, stáisiúin ráidió, stáisiún teilifíse agus cláracha teilifíse, ipodanna, podchraoladh, blaganna, cúrsaí idirlín srl. Is maith ann iad, cinnte. Ach an bhfuil a fhios agat seo, creidim féin gurb iad na trí píosaí teicneolaíochta is fearr, agus nach bhfuil a sárú le fáil áit ar bith ar domhan, ná an béal, an chluas agus leabhar nótaí a rachadh isteach i do phóca. Tá rud amháin eile de dhíth ar an fhoghlaimeoir: spás sábháilte leis an Ghaeilge a chleachtadh, spás atá saor ó Bhéarla ach spás ina mothaíonn an foghlaimeoir compordach ar fad, i measc foghlaimeoirí eile nó i measc cainteoirí líofa atá cuidiúil agus tuisceanach. Agus ní seomra ranga atá i gceist agam. Níl sult sa seomra ranga.

Tuigtear go forleathan cé chomh héifeachtach is atá an 'tumoideachas' maidir le sealbhú teanga i measc an aosa óig. Bhuel, is 'tumchónaí' atá de dhíth ar fhoghlaimeoirí fásta. Agus is fríd an ‘tumchónaí’ amháin a thig linn an spás sin a chruthú d'fhoghlaimeoirí fásta. Sin an sprioc a bhí i gceist leis an deireadh seachtaine a chaith muid i nGleann Cholm Cille cúpla lá ó shin. Tháinig na foghlaimeoirí agus cainteoirí réasúnta líofa isteach in Áras Ghleann Cholm Cille; ó thús go deireadh níor labhair siad aon Bhéarla. Ní raibh aon rang ann. Ní raibh aon fhile ag caint leo. Ní raibh iachall orthu rud ar bith a dhéanamh ach Gaeilge a labhairt le chéile agus sult a bhaint as an deireadh seachtaine. Ní raibh aon chomhrá fá dtaobh den Ghaeilge i mBéarla. Iad féin a rinne a guid béilte féin trí Ghaeilge. Iad féin a chuir siamsaíocht ar fáil daofa féin trí Ghaeilge.... agus a leithéid de cheol, de chraic agus de chomhluadar! Tá buanna iontacha ag cuid mhór foghlaimeoirí; ní hionann do chuid iarrachtaí sa teanga a bheith bacach agus tú a bheith bacach mar dhuine. Dé Sathairn d'imigh scaifte amháin acu ar thuras báid thart fá chósta iardheisceart Thír Chonaill, agus bhí foghlaimeoir eile i mbun siúlóide suas Ceann Glinne, mar ar chaith muid ceithre huaire an chloig i measc na gcnoc agus ag baint suilt as radharc tíre den chéad scoth. Bhuail muid isteach Toigh Bhiddy oíche Shathairn agus thug an lucht foghlamtha a gcuid ceoil agus a gcuid Gaeilge leo. Bhí corrchomhrá anseo is ansiúd le roinnt cainteoirí dúchais. Cheannaigh muintir an tí deoch do na ceoltóirí s'againne.

I rith an ama, bhí na cainteoirí is láidre tuisceanach agus cuiditheach agus iad ag plé leis na foghlaimeoirí a bhí faoi bhrú, agus thug na foghlaimeoirí is laige geallúint, agus chloígh siad leis, nach labhróidís aon Bhéarla. B’éacht acu an méid sin, mar is ionann an greim a bhíonn ag Béarla ar an bhunfhoghlaimeoir agus an domhantarraingt atá thart orainn chuile lá: ní thig leat é a fheiceáil, ach tá sí ansin le tú a tharraingt ar ais go dtí an talamh slán sin terra firma. Is é an Béarla terra firma na bhfhoghlaimeoirí.

Nuair a d'fhág achan duine acu Gleann Cholm Cille maidin Dé Domhnaigh bhí súil agam féin go raibh sult agus pléisiúr ann dóibh, agus go raibh an Ghaeilge lárnach sa sult agus pléisiúr sin. Buíochas ó chroí leatsa, a Dhia, as an dea-aimsir a chur ar fáil dúinn. Buíochas le muintir Ghleann Cholm Cille a bhí chomh cairdiúil linn agus fáiltiúil romhainn. Agus tá mé bródúil as achan fhoghlaimeoir a tháinig slán ón chéad 'Tumchónaí Gaeilge' a rinne a bhformhór acu lena mbeo. Tá mé féin sásta gur thug muid fiche béal eile chun na Gaeltachta a d’úsáid an Ghaeilge seachas an Béarla. Chosnaigh na seomraí €24.50 an duine in aghaidh na hoíche, agus chosnaigh an bia €10 an duine don deireadh seachtaine. Sin moladh amháin a bheadh agamsa don Phlean Fiche Bliain seo. Deirí Seachtaine Tumchónaí Gaeilge i mór-ionaid lóistín, i rith na bliana.

Monday 13 April 2009

Dialann Lae: 13 Aibreán 2009


An lá deireanach de shaoire na Cásca inniu. Don chéad bhliain riamh ní dheachaigh mé chuig aon pharáid chuimhneacháin ar Dhomhnach na Cásca. Chuaigh mo bhean chéile agus na páistí go Droim Bó i mBealach Féich mar is iondúil dúinn ar fad. D'fhan mé féin sa bhaile agus léigh roinnt sleachta as scríbhinní Shéamais Uí Chonghaile leis an Éirí Amach a chomóradh i gciúineas an tí.

Chaill muid na fir bhruscair ar maidin, ainneoin sár-iarrachtaí na hiníne is óige againn an bosca bruscair a tharraingt amach i ndiaidh di tormán an leoraí bhruscair a chluinstin ag teacht. Tá córas againne anseo go gcuirtear ábhar athchúrsála isteach i mbosca bruscair gorm, agus an t-ábhar eile isteach i mbosca bruscair dubh. Bailítear ceann amháin acu sin achan tseachtain.

Nuair a bhíonn laethanta saoire againn bíonn na páistí ag iarraidh cuid mhór a dhéanamh. Níor luaithe mo shúile oscailte agam ar maidin ná gur thug an cailín is óige (8 mbliana) orm eitleáin pháipéir a dhéanamh ina cuideachta. Cheannaigh muid leabhairín ar dhéanamh eitleán páipéir roinnt blianta ó shin agus bhí sí ina seasamh os mo chomhair amach agus an leabhairín ina láimh aici! Rinne muid eitleán den déanamh 'An Dairt Chlasaiceach', agus d'eitil siad go seoigh fríd an aer. Nuair a shíl mé go raibh mo dhualgas tuismitheora comhlíonta agam don lá, siúd chugam í le clár fichille. Tá dúil mhór aici san fhicheall. Tá an bheirt acu ag déanamh comhluadair lena máthair san am i láthair, ag imirt cluiche 'Connect 4', buíochas le Dia!

12.50: Tá mé i ndiaidh pictiúr de Neasa a chur isteach thuas... i ndiaidh di féin agus dá deirfiúr mhór rud beag cócaireachta a dhéanamh lena mamaí. Hmmmm.... tá siad an-bhlasta!

Sunday 12 April 2009

Tumchónaí d'Fhoghlaimeoirí Fásta


An bhfuil aon Ghaeilge agat? An bhfuil tú ag foghlaim na Gaeilge? An bhfuil tú ábalta seo a léamh? Ar mhaith leat deis a bheith agat Gaeilge a labhairt le foghlaimeoirí eile? Nó má tá tú líofa, ar mhaith leat cuidiú le foghlaimeoirí?

Beidh deireadh seachtaine lánGhaeilge d'fhoghlaimeoirí fásta, a bhfuil roinnt Gaeilge acu, ar siúl in Áras Ghleann Cholm Cille ar an 17-19 Aibreán. Tá pictiúr den Áras anseo. Beidh muid uilig ag roinnt seomraí; mná le chéile, fir le chéile.

Tá costas €49 ar an seomra, agus beidh muid uilig ag cur €20 nó €25 isteach fá choinne bia don deireadh seachtaine. Ní bheidh aon rang Gaeilge ar siúl. Is ócáid shóisialta í seo. Caithfidh muid ár gcuid bia féin a dhéanamh; bricfeasta, lón, dinnéar, suipéar. Caithfidh gach duine cuidiú lena chéile agus a bheith deas cairdiúil lena chéile.

Cén fáth a bhfuil an deireadh seachtaine seo ar siúl? Tá a lán daoine ag foghlaim na Gaeilge agus tá beagán Gaeilge acu, ach ní bhíonn seans acu an Ghaeilge sin a úsáid. Seo seans do na daoine sin an Ghaeilge a úsáid anois. Tá an deireadh seachtaine seo fá choinne foghlaimeoirí a bheadh ábalta an píosa seo a léamh. Beidh mise agus cúpla duine eile ansin le cuidiú leat. Beidh muid ag caint i nGaeilge shimplí, nuair is gá.

Ní bheidh aon Bhéarla ann. Fág do chuid Béarla sa bhaile. Beidh tú ag caint as Gaeilge ó 6pm Dé hAoine go dtí 2pm Dé Domhnaigh. An bhfuil uirlis cheoil agat? Tabhair leat í. An bhfuil cluichí boird agat? Tabhair leat iad. Beidh am deas againn féin...

Má tá suim agat cuir scairt orm @ 087 9670985 ó na 26 Chontae, agus @ 079 1266 2796 ó na 6 Chontae.

Wednesday 8 April 2009

Rothaíocht thart fá Ghoirtín


Chuaigh mé féin is cara liom, Mícheál, ag rothaíocht thart fá cheantar Ghoirtín i dTír Eoghain tráthnóna Dé Sathairn seo chuaigh thart. Aimsir shamhraidh a bhí ann agus is doiligh a chreidbheáil go bhfuil mé i mo chónaí sa chontae seo le breis agus 45 bliain agus gan a fhios go bhfuil radharc tíre álainn againn ar shléibhte, ar aibhneacha, ar choillte, ar lochanna agus ar pháirceanna breá glasa.

Tá an bheirt againn ag smaointiú ar thuras na hÉireann a dhéanamh i rith an tsamhraidh ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid agus seo an chéad mhór-iarracht againn lá iomlán a chaitheamh ag an rothaíocht. Bhí 65 chiliméadar curtha dínn fán am a bhain muid An Srath Bán amach arís.

Níl aon mhodh taistil níos fearr ná an rothar le sult a bhaint as an dúlra atá thart orainn. Bronntanas a bhí sa rothar sléibhe seo, a cheannaigh mo bhean chéile dom ar an dá scór a bhaint amach dom.

Caithfidh mé imeacht, tá mo bhean ag iarraidh orm dul isteach agus comhluadar a dhéanamh léi!