San am seo 30 bliain ó shin b’iomaí intinn ar an tSrath Bán a bhí dírithe ar an stailc ocrais sa Cheis Fhada, a raibh a deireadh ar na bacáin. Bhíodh léirsithe ann. Bhíodh bigilí agus urnaithe ann. Agus sea, bhíodh círéibeacha ann, go háirithe i measc an aosa óig. Dhóití busanna agus leoraithe, le baracáid a dhéanamh. Réabtaí greillí d’fhuinneoga siopaí le daoine a chosaint ó philéir phlaisteacha. Tharraingítí aníos colbhaí cosáin agus bhristí iad. Ach ní raibh sladaíocht ar bith ann. Dhiúltaigh Rialtas na Breataine éisteacht leis na mílte a shiúil ar na sráideanna, ná le guth na vótóirí. Cuireadh amach Constábla Ríoga Uladh le cos ar bolg a dhéanamh. Níorbh fhéidir an chíréibeacht a sheachaint. Ní raibh gach duine óg páirteach, ar ndóigh, bíonn rogha ag an duine i dtólamh. Ach bhí neart acu ann.
Dálta cuid mhór daoine, d’amharc mé ar na círéibeacha i Sasana ar na mallaibh agus d’fhéach lena thuigbheáil cad é mar a d’fhéadfadh a leithéid tarlú. Ní féidir aon chomparáid a dhéanamh le cás na hÉireann. Ba léir gurb é marú fir ghoirm óig ag na Péas a chuir an lasóg sa bharrach i dtús ama. Bhí gunna aige, ach níor úsáid sé é. Chuaigh a mhuintir ar lorg freagraí, ach ní bhfuarthas iad. De réir mar a leath na círéibeacha ó chathair go cathair, thiontaigh ina sladaíocht, agus ní ba mhó daoine ag glacadh páirte, b’fhollasach go raibh tinneas sóisialta níos doimhne ag dó na geirbe ag sochaí na Breataine. Tá míniú ar leith ag na Coimeádaigh ar na tarlúintí seo: meath an teaghlaigh thraidisiúnta, coiriúlacht, ‘ meath mall moráltachta’, agus easpa freagrachta an duine aonair. Díríonn an lucht oibre agus an eite chlé a n-aird ar thorthaí an róchaipitleachais: éagothroime, bochtaineacht, an coimhthiú sóisialta, leithcheal ciníoch, agus easpa deiseanna.
Tá mé ag taobhú níos mó le dearcadh an lucht oibre, ach nuair a tchítear pictiúir den lomshladaíocht, d’ionsaithe ar ghnáthdhaoine agus iad ag cosaint a gcuid tithe agus sealúchais, agus de dhaoine ag gadaíocht as mála droma fir óíg ghortaithe i ndiaidh dóibh ligint orthu gur ag cuidiú leis a bhí siad, is doiligh a shéanadh go bhfuil compás morálta na ndaoine atá i mbun na ngníomhartha seo ar seachrán ar fad. Cuireann na círéibeacha agus an tsladaíocht seo an taobh olc de nádúr an duine ar ár súile dúinn. Ach d’fhás an lucht sladaíochta seo aníos i sochaí atá fiche uair níos truaillithe ag a barr. Cuid mhór de na polaiteoirí atá ag éileamh ar na cúirteanna a bheith níos crua, bhí siad féin sáite i scannal na speansais. Na nuachtáin thablóideacha a chaith na blianta fada ag tromaíocht orthu siúd a bhí beo ar an dól as a stíleanna beatha mímhorálta, tháinig sé chun solais go raibh siad féin ag déanamh bradaíl neamhthrócaireach ar ghutháin íobartach agus a dteaghlach. D’fhág an lucht forbraíochta agus baincéireachta fiacha dochreidte trom ag cuid mhór tíortha Eorpacha fad agus a bhí siad féin ag gnóthú na milliún. Ní raibh na breithiúna, na cúirteanna ná na péas ag obair lá agus oíche leis an dlí a chur ar na sladaithe uasaicmeacha seo.
Mar sin de, bhí an chéad agóid i Sasana, a d’fhéach le soiléiriú a fháil ar an eachtra lámhaigh, bhí sin intuigthe. Bhí an chíréibeacht agus an tsladaíocht ina dhiaidh sin go huile is go hiomlán mícheart, go sóisialta, go polaitiúil agus go haonarach. Ach má tá aon réiteach fadtéarmach le fáil ar an fhadhb seo ní hamháin go mbeidh air dul i ngleic le dronganna daoine óga agus a gcinntí seachránacha, mar atá, na daoine gan chumhacht, ach beidh air dul i ngleic fosta le caimiléireacht agus le cairdeas teolaí na mbodach mór sa tsochaí, ‘fir na maoine’, agus na polaiteoirí iad féin. Go dtí seo, níl aon cheannaire eiseamláireach feicthe againn.