Sunday 12 April 2009

Tumchónaí d'Fhoghlaimeoirí Fásta


An bhfuil aon Ghaeilge agat? An bhfuil tú ag foghlaim na Gaeilge? An bhfuil tú ábalta seo a léamh? Ar mhaith leat deis a bheith agat Gaeilge a labhairt le foghlaimeoirí eile? Nó má tá tú líofa, ar mhaith leat cuidiú le foghlaimeoirí?

Beidh deireadh seachtaine lánGhaeilge d'fhoghlaimeoirí fásta, a bhfuil roinnt Gaeilge acu, ar siúl in Áras Ghleann Cholm Cille ar an 17-19 Aibreán. Tá pictiúr den Áras anseo. Beidh muid uilig ag roinnt seomraí; mná le chéile, fir le chéile.

Tá costas €49 ar an seomra, agus beidh muid uilig ag cur €20 nó €25 isteach fá choinne bia don deireadh seachtaine. Ní bheidh aon rang Gaeilge ar siúl. Is ócáid shóisialta í seo. Caithfidh muid ár gcuid bia féin a dhéanamh; bricfeasta, lón, dinnéar, suipéar. Caithfidh gach duine cuidiú lena chéile agus a bheith deas cairdiúil lena chéile.

Cén fáth a bhfuil an deireadh seachtaine seo ar siúl? Tá a lán daoine ag foghlaim na Gaeilge agus tá beagán Gaeilge acu, ach ní bhíonn seans acu an Ghaeilge sin a úsáid. Seo seans do na daoine sin an Ghaeilge a úsáid anois. Tá an deireadh seachtaine seo fá choinne foghlaimeoirí a bheadh ábalta an píosa seo a léamh. Beidh mise agus cúpla duine eile ansin le cuidiú leat. Beidh muid ag caint i nGaeilge shimplí, nuair is gá.

Ní bheidh aon Bhéarla ann. Fág do chuid Béarla sa bhaile. Beidh tú ag caint as Gaeilge ó 6pm Dé hAoine go dtí 2pm Dé Domhnaigh. An bhfuil uirlis cheoil agat? Tabhair leat í. An bhfuil cluichí boird agat? Tabhair leat iad. Beidh am deas againn féin...

Má tá suim agat cuir scairt orm @ 087 9670985 ó na 26 Chontae, agus @ 079 1266 2796 ó na 6 Chontae.

1 comment:

  1. Och! Ba bhrea liom e sin a freastail! Da mbeadh rud mar sin nios congarai liom, bheadh me i mo chonai ann! Bheadh se fior mhaith dom. Ta seans mar sin uaim. A bhuel... Nil rud mar sin ann, leoga, nil duine ar bith ann in aice liom le Gaeilge.
    :) Muise, ta me ag caitheamh coisir trua anseo dom fein, nach bhfuil? Gabh mo leithsceal. Nil me ach in ead leat. Iosfaidh me briosca agus beidh biseach orm.
    Ta suil agam gur bhain sibh an-sult as. Ta me cinnte gur bhain.
    Go n-eiri leat!
    ~Jennifer

    ReplyDelete