Wednesday, 20 May 2009
An Chéad Chomaoineach Dheireanach
Beidh an iníon is óige againn, Neasa, ag déanamh a Céad Comaoineach Dé Sathairn seo ag teacht, i nGaeilge, mar atáthar á dhéanamh le roinnt blianta anuas ó bunaíodh an Ghaelscoil anseo ar an tSrath Bán, agus an t-ádh linn go bhfuil sagairt againn atá in inmhe an obair a dhéanamh inár dteanga dhúchais, cé nach bhfuil sí againn ó dhúchas. Déarfainn go mbeadh ort dul siar go ré Charraig an Aifrinn sa cheantar seo le go bhfaighfí aon cheann de na sacraimintí á cheiliúradh i nGaeilge na hÉireann.
Tá sí an-tógtha faoin Lá Mór. A gúna deas simplí bán déanta ag beanchomharsa béal dorais, na comharsana is fearr in Éirinn, a deirim libh. Tá mé féin ar mo dhícheall brí a chur san ócáid, ar a sonsa, agus dhá chiall an fhocail sin i gceist agam, mar atá ciall agus fuinneamh. Is aindiachaí mé féin, cé go gcrothnaím an suaimhneas a thugadh creideamh dom na blianta ó shin. Ní théitear chun Aifrinn sa teaghlach seo. Bhuel, ní minic a théitear; bás, breith agus bainis.
Is cuimhin liom nuair a bhí Neasa 3 bliana d'aois, agus muid ag dul thar an seipéal mór galánta atá againn sa pharóiste seo, agus ar sise liom 'Cé atá ina chónaí sa chaisleán sin, a Dhaidí?'. 'Fear darb ainm Dia, agus a mhac Íosa agus ........' smaoinigh mé ar feadh tamaillín '...... máthair an mhic, Muire' arsa mise 'agus cuireann siad fáilte roimh achan duine isteach sa chaisleán sin'. Ansin, i ndiaidh di toiseacht ar an Ghaelscoil, phreab sí isteach sa teach lá amháin le scéal mór a chur inár láthair... 'A Dhaidí, rinne Dia an domhan, an talamh, an fharraige, na plandaí, na hainmhithe, agus rinne sé muidne fosta.... taobh istigh de 6 lá! Agus ansin bhí sos aige ar an seachtú lá...' ar sise, agus crith ar a glór, bhí sí chomh corraitheach sin faoin scéal. Shíl sí nach raibh a fhios againn, mar nár luaigh muid an scéal riamh.
Ní duine frithchreidmheach mé. Leis an fhírinne a dhéanamh tá lorg an chreidimh go smior ionam áit éigin. Deir mo bhéal agus deir m'intinn nach gcreidim in aon Dia. Bíonn mo chroí is m'anam i ngleic leo beirt. B'fhearr liom an creideamh a bheith agam gan cheist, ach ní rud é sin a bhfuil neart agam air... leis an seanfhocal a chur droim ar ais, 'bítear mar a shíltear'.
Mothaím go bhfuil mé i mo sheasamh idir ghlúin mo sheanmháthar, a raibh an creideamh go smior iontu agus an ghlúin atá ag teacht i mo dhiaidh. Níor mhaith liom bac a chur ar an sruth creidimh sin a choinnigh mo mhuintir romham beo agus é a cheilt ar mo mhuintir féin a bheas ag teacht i mo dhiaidh. Mura mbeidh mé féin in ann an creideamh a iompar, b'fheidir go dtig liom a bheith i mo chloch ar an sruth sin idir an dá ghlúin agus thig leo seasamh orm agus leanúint ar aghaidh beag beann ormsa agus ar mo chuid amhras.
Bainfidh mé sult as an lá. Rachaidh mé chun Aifrinn, le cuidiú Dé. Beidh lá speisialta aici. Agus tá mé lánchinnte go mbeidh grianghraf níos deise le taispeáint aici ná mar atá agamsa thuas ó mo lá féin.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Píosa deas, stuama!
ReplyDeleteBainigí tairbhe agus sult as an Lá.
An duine ba Chríostaí dá raibh aithne agam air riamh, b'fhéidir, thug sé aindiachaí air féin...
ReplyDeleteLéigh mé an dán seo ag an gcruinniú UU ina onóir, tar éis a bháis, ar dheis Dé go raibh sé.
Nach bhfuil géinte maithe aici!
ReplyDeleteIs spéisiúl an tráchtaireacht atá agat ar cad is creideamh ann. Ba chóir blag nua a oscailt ar an téama sin amháin.
ReplyDeleteCiarán Ó Pronntaigh