Thursday 7 May 2009

Lomadh agus Díbirt

Is maith ann don phróiseas síochána in Éirinn. I ndáiríre, níl a fhios agam an dtig a mhaíomh go bhfuil próiseas ar siúl níos mó. Tá muid bogtha isteach i ré úr, agus in ainneoin corr-iarrachta anseo is ansiúd, tá an tsíocháin i réim. Ba uirlis é an próiseas síochána le muid a chur san áit ina bhfuil muid anois. Is maith liom féin go bhfuil mo bheirt iníonacha ag fás aníos i sochaí atá ag forbairt i dtreo na síochána.

Ach tá gné amháin den phróiseas síochána in Éirinn nach dtaitníonn liom. Bhuel, ní thaitníonn sé liom nach bhfuair muid an Éire 'saor' a bhí uainn. Ach is gné eile atá i gceist agam anseo. Chan amháin nach dtaitníonn sé liom, ach tá mé go huile is go hiomlán ina choinne. Is gné é seo nach bhfuil scríofa síos áit ar bith in aon cháipéis chomhaontaithe, agus is gné é seo nach mbíonn aon mhór-ráiteas poiblí ann fá dtaobh dó. Ach is ann dó, agus tá a thionchar ag fás agus ag spré agus ag leathnú isteach in achan chuid den saol anseo, ó thuaidh ach go háirithe, agus ó dheas ar dhóigheanna.

Is é sin lomadh agus díbirt na féiniúlachta.

Roinnt samplaí den rud atá i gceist agam. Más cruinn an méid a léigh mé in eagrán na seachtaine seo de Gaelic Life, tá cinneadh déanta ag TESCO (mar gheall ar bhreis agus 100 gearán ó aontachtóirí i gContae Aontroma i gcoinne páistí óga a bhí ag caitheamh geansaithe CLG agus iad i mbun pacáil málaí san ollmhargadh sin), tá cinneadh déanta acu nach mbeidh cead ag baill d'aon eagraíocht spóirt (peil, sacar nó eile) éide an chlub a chaitheamh agus iad ag déanamh pacáil málaí le hairgead a thiomsú i siopaí dá gcuid. Sampla eile i mo cheantar féin: bhí mé ag cruinniú poiblí faoi pharáid Lá Fhéile Pádraig agus thosaigh roinnt daoine ag cur tuairimí chun tosaigh go raibh sé thar am an pharáid a dhéanamh 'níos fáiltiúla' roimh 'phobail eile' (ms gan bratach na hÉireann a bheith ar foluain ann srl). Amhail is go bhfuil bratach na tíre seo 'neamhfháiltiúil'. Nuair a bhíonn aon pholaiteoir náisiúnaíoch ag caint ar son na Gaeilge san am i láthair caithfidh siad friotal leithscéalach a chur lena gcuid cainte 'ní bhaineann an Ghaeilge le polaitíocht, is le gach dream í, níl inti ach teanga, srl'. Cá háit a bhfágann sin an chuid againn a chuir dua orainn féin an teanga a fhoghlaim cionn is go bhfuil muid ar aon dul le tuairim Uí Chatháin nuair a scríobh sé 'Is é slánú na Gaeilge athghabháil na hÉireann, agus is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge'? Ní bhfaighidh tú ráiteas níos polaitiúla ná sin faoin teanga, ach is beag duine a thig an tuairim sin a chur chun tosaigh níos mó, táthar uilig ag briseadh na gcos lena chur in iúl nach bhfuil sa Ghaeilge ach 'teanga álainn don uile dhuine', rud atá fíor cinnte, ach ní hí sin iomlán na fírinne. Anuraidh bhí ceolchoirm anseo san amharclann ar an tSrath Bán in ómós do Luke Kelly agus bhí rí rá is ruaille buaille sna páipéir áitiúla cionn is gur cheol an grúpa Amhrán na bhFiann ag deireadh na hoíche. Anois, cad é mar is féidir oíche cheoil in ómós do Luke Kelly a dhéanamh gan amhráin phoblachtánacha Éireannacha a bheith mar chuid de? Tá sé le bheith ar ais san amharclann ach déarfainn nach mbeidh an t-amhrán sin ann an iarraidh seo.

Agus ní hé an pobal náisiúnaíoch amháin atá thíos leis an lomadh agus an díbirt féiniúlachta seo. Cé go bhfuil roinnt mórshiúlta de chuid na bhFear Buí ag dul fríd cheantracha nár cheart dóibh a bheith ann ar chor ar bith, is fíor a rá fosta, i mo bharúil féin, go bhfuil náisiúntóirí ann agus dá gcluinfidís oiread is nóta amháin ó bhosca ceoil Oráisteach sa ghaoth bheidís amuigh ar na sráideanna ag iarraidh bac a chur leis. Is cuimhin liom féin a bheith páirteach i mórshiúl in aghaidh paráid Oráisteach i mo cheantar féin nuair a bhí an chonspóid ar fad faoi Bhóthar Garbhachaidh faoi lán seoil, agus nuair a chonaic mé an dínit lenar shiúil siad tháinig aiféaltas orm faoin seasamh s'agamsa féin. Ní raibh siad ach ag siúl ón eaglais áitiúil go dtí leac cuimhneacháin don dá Chogadh Domhanda cúpla céad slat síos an bóthar. Cé nach mbeinn féin páirteach in aon chuimhneachán den chineál sin, sílimse gur cheart go mbeadh deis ag an phobal aontachtach sin a dhéanamh gan aon bhac a bheith orthu. Tá sé thar am againn a bheith níos oscailte.

Tá roinnt téarmaí nua-aimseartha ag gabháil leis an díbirt féiniúlachta seo. Glacaimis cuid mhór de na 'himeachtaí trasphobail' a dhéantar a reáchtáil, mar shampla. Ach má scrúdaíonn tú na himeachtaí seo is mó d'imeachtaí 'neamhphobail' atá iontu ná rud ar bith eile; dálta Basil Fawlty, níl cead 'an cogadh' a lua. Téarma eile ná 'spás neodrach' a chruthú, rud a chinntíonn nach mbíonn deis ag náisiúntóirí ná aontachtóirí iad féin agus a bhféiniúlacht a chur in iúl go hoscailte. Agus má scrúdaíonn tú cad é atá i gceist le 'spás neodrach' ag lucht an stáit agus lucht na hoifigiúlachta, níos minice ná a mhalairt is 'spás ina bhfuil an Béarla agus cultúr na Breataine i réim'. Tchítear úsáid na Gaeilge mar 'rud conspóideach' agus caithfear 'an Ultais' a bheith ann le 'cothromaíocht' a dhéanamh, nó 'wouldn't it be better if we did it in English so everyone can feel part and not be offended'.

Níl a fhios agam cén réiteach atá ar an ghné seo den tsochaí ina bhfuil mé san am i láthair. Tá a fhios agam go bhfuil sé ag plúchadh an chultúir, ag plúchadh na Gaeilge, agus ag plúchadh m'fhéiniúlachta féin mar phoblachtóir agus mar Éireannach.

No comments:

Post a Comment