Monday 20 April 2009

Grian, Gleann agus Gaeilge


Nach breá an deireadh seachtaine a bhí againn ó thaobh na haimsire de!! Níl a fhios agam cad é mar a bhí sé agaibhse thíos ansin i Leath Mhogha, ach bhí muidne anseo i Leath Chuinn scallta leis an teas. Reáchtáil mé deireadh seachtaine Gaeilge fá choinne foghlaimeoirí fásta thíos i nGleann Cholm Cille ón Aoine go dtí an Domhnach, agus tá siad siúd a d’fhreastail ar an ócáid ag maíomh anois gur draoi aimsire de chineál éigin atá ionam. Cha dtearn sé dochar ar bith d'íomhá na Gaeilge cibé ar bith.

Tá an deireadh seachtaine Gaeilge sin á bheartú le roinnt míonna anuas, ach is beag obair a rinne mé air go dtí go raibh sé sa mhullach orm… fear an bhomaite dheireanaigh mé féin. Is é mo mhórthuairim féin, i measc cuid mhór mórthuairimí eile atá agam, nach bhfaigheann foghlaimeoirí fásta go leor deiseanna leis an Ghaeilge a chleachtadh mar is ceart. Nuair a deirim 'foghlaimeoirí' is é atá i gceist agam anseo ná gach duine nach cainteoir dúchais é nó í, mé féin ina measc. Níl mé ag maíomh anseo nach bhfuil rud ar bith le foghlaim ag cainteoirí dúchais chomh maith, tá leoga, tá. Ach ní daoine iad sin a d'fhoghlaim an teanga. Bronnadh orthu í ón chliabhán.

Mar is eol dúinn uilig, bíonn sé de nós ag lucht foghlamtha na Gaeilge cuairt a thabhairt ar an Ghaeltacht agus iad ag súil go gcluinfidh siad an Ghaeilge agus go mbeidh deis acu féin triail a bhaint as a bhfuil foghlamtha acu. Ach ní mar a shíltear bítear. Bhuel, is é mo thaithí pearsanta féin go labhraíonn foghlaimeoirí fásta níos mó Béarla ná Gaeilge nuair a bhíonn siad ar thuras chun na Gaeltachta. Sin í an fhírinne lom. An bhfuil éinne chun mé a bhréagnú? Ach tá cúis mhaith leis.

Ar an chéad dul síos, is ionann cainteoirí dúchais Gaeilge agus cainteoirí dúchais Béarla; bíonn siad gnoitheach, ní bhíonn mórán ama acu, tá cúramaí an tsaoil orthu chomh maith le gach duine eile. Níl siad beo le bheith ag tabhairt ceachtanna Gaeilge do lucht foghlamtha na Gaeilge nó ag freagairt gach ceist faoi gach focal dá raibh riamh sa teanga. Ní bhíonn an t-am acu achan chúram eile a chaitheamh ar leataobh le go mbeifí in ann suí síos agus a bheith mar áisitheoir teanga ag gach foghlaimeoir a thagann chun na Gaeltachta. Mar sin de, má shíleann siad go bhfuil an foghlaimeoir ag streachailt lena dtuigbheáil, tiontóidh siad ar an Bhéarla, ar mhaithe le cúirtéis. Cuireann seo beaguchtach ar an fhoghlaimeoir, mar go gcreideann siadsan go bhfuil ag teip ar fad orthu aon chumarsáid fhiúntach a dhéanamh sa Ghaeilge. Coimhthíoch ina thír féin atá san fhoghlaimeoir fásta sa Ghaeltacht, ag iarraidh a bheith páirteach ach fágtha ar an imeall…ar nós droch-cheoltóra i measc ceoltóirí den scoith, nó ionadaí ar fhoireann peile a dhéanann an traenáil ar fad ach nach bhfaigheann choíche aon deis chun imirt. Sin an fáth go n-éiríonn cuid mhór foghlaimeoirí fásta as an Ghaeilge i ndiaidh cúpla mí, nó fiú cúpla bliain. Ní fheiceann siad aon fhiúntas.

Sa lá atá inniu ann tá gach áis ar fáil don lucht foghlamtha; dlúthdhioscaí, cúrsaí ilmheáin, an t-idirlíon, gutháin phóca as Gaeilge, foclóir don ghuthán póca, stáisiúin ráidió, stáisiún teilifíse agus cláracha teilifíse, ipodanna, podchraoladh, blaganna, cúrsaí idirlín srl. Is maith ann iad, cinnte. Ach an bhfuil a fhios agat seo, creidim féin gurb iad na trí píosaí teicneolaíochta is fearr, agus nach bhfuil a sárú le fáil áit ar bith ar domhan, ná an béal, an chluas agus leabhar nótaí a rachadh isteach i do phóca. Tá rud amháin eile de dhíth ar an fhoghlaimeoir: spás sábháilte leis an Ghaeilge a chleachtadh, spás atá saor ó Bhéarla ach spás ina mothaíonn an foghlaimeoir compordach ar fad, i measc foghlaimeoirí eile nó i measc cainteoirí líofa atá cuidiúil agus tuisceanach. Agus ní seomra ranga atá i gceist agam. Níl sult sa seomra ranga.

Tuigtear go forleathan cé chomh héifeachtach is atá an 'tumoideachas' maidir le sealbhú teanga i measc an aosa óig. Bhuel, is 'tumchónaí' atá de dhíth ar fhoghlaimeoirí fásta. Agus is fríd an ‘tumchónaí’ amháin a thig linn an spás sin a chruthú d'fhoghlaimeoirí fásta. Sin an sprioc a bhí i gceist leis an deireadh seachtaine a chaith muid i nGleann Cholm Cille cúpla lá ó shin. Tháinig na foghlaimeoirí agus cainteoirí réasúnta líofa isteach in Áras Ghleann Cholm Cille; ó thús go deireadh níor labhair siad aon Bhéarla. Ní raibh aon rang ann. Ní raibh aon fhile ag caint leo. Ní raibh iachall orthu rud ar bith a dhéanamh ach Gaeilge a labhairt le chéile agus sult a bhaint as an deireadh seachtaine. Ní raibh aon chomhrá fá dtaobh den Ghaeilge i mBéarla. Iad féin a rinne a guid béilte féin trí Ghaeilge. Iad féin a chuir siamsaíocht ar fáil daofa féin trí Ghaeilge.... agus a leithéid de cheol, de chraic agus de chomhluadar! Tá buanna iontacha ag cuid mhór foghlaimeoirí; ní hionann do chuid iarrachtaí sa teanga a bheith bacach agus tú a bheith bacach mar dhuine. Dé Sathairn d'imigh scaifte amháin acu ar thuras báid thart fá chósta iardheisceart Thír Chonaill, agus bhí foghlaimeoir eile i mbun siúlóide suas Ceann Glinne, mar ar chaith muid ceithre huaire an chloig i measc na gcnoc agus ag baint suilt as radharc tíre den chéad scoth. Bhuail muid isteach Toigh Bhiddy oíche Shathairn agus thug an lucht foghlamtha a gcuid ceoil agus a gcuid Gaeilge leo. Bhí corrchomhrá anseo is ansiúd le roinnt cainteoirí dúchais. Cheannaigh muintir an tí deoch do na ceoltóirí s'againne.

I rith an ama, bhí na cainteoirí is láidre tuisceanach agus cuiditheach agus iad ag plé leis na foghlaimeoirí a bhí faoi bhrú, agus thug na foghlaimeoirí is laige geallúint, agus chloígh siad leis, nach labhróidís aon Bhéarla. B’éacht acu an méid sin, mar is ionann an greim a bhíonn ag Béarla ar an bhunfhoghlaimeoir agus an domhantarraingt atá thart orainn chuile lá: ní thig leat é a fheiceáil, ach tá sí ansin le tú a tharraingt ar ais go dtí an talamh slán sin terra firma. Is é an Béarla terra firma na bhfhoghlaimeoirí.

Nuair a d'fhág achan duine acu Gleann Cholm Cille maidin Dé Domhnaigh bhí súil agam féin go raibh sult agus pléisiúr ann dóibh, agus go raibh an Ghaeilge lárnach sa sult agus pléisiúr sin. Buíochas ó chroí leatsa, a Dhia, as an dea-aimsir a chur ar fáil dúinn. Buíochas le muintir Ghleann Cholm Cille a bhí chomh cairdiúil linn agus fáiltiúil romhainn. Agus tá mé bródúil as achan fhoghlaimeoir a tháinig slán ón chéad 'Tumchónaí Gaeilge' a rinne a bhformhór acu lena mbeo. Tá mé féin sásta gur thug muid fiche béal eile chun na Gaeltachta a d’úsáid an Ghaeilge seachas an Béarla. Chosnaigh na seomraí €24.50 an duine in aghaidh na hoíche, agus chosnaigh an bia €10 an duine don deireadh seachtaine. Sin moladh amháin a bheadh agamsa don Phlean Fiche Bliain seo. Deirí Seachtaine Tumchónaí Gaeilge i mór-ionaid lóistín, i rith na bliana.

4 comments:

  1. Is léir go bhfuil Dia ar thaobh na Gaeilge!

    ReplyDelete
  2. Seán Míchaél Ó Donnchadha21 April 2009 at 12:19

    Aontaoim leat mar gheall ar deireadh seachtaine a chaitheamh ag foghlaimeoirí Ghaeilge le chéile.Níor cheart bheith ag fanacht le plean fiche bhliain nó tachú ó rialtais.

    ReplyDelete
  3. Nach bhfuil a fhios agat gur i d'"Tiarna Dia" a bhí sibh uilig ar an deireadh seachtaine! Is ceart agus is chóir go raibh an ghrian ag taithneamh go h-ard sa spéir agus laethanta breá alainn agaibh go léir.

    ReplyDelete
  4. Thar barr. Tagaim leat, a Sheain. Ta tu direach ceart faoin cas le foghlaimeoiri fasta. An beal, an cluas, (focloir poca), coipleabhar, cupan tae, agus daoine eile le haighidh comhra. Bheadh sin i bhfad nios fearr. La eigin, nuair a tosnaionn an speair ag cur airgead, beidh me ann ag ceann de na deireadh seachtaine seo. go dtiocfaidh an t-am sin, ta me stucailte anseo ar an idirlion, le na achmhainn cabhrasacht ach saorga.

    Ni breagadoir thu ar bith- nuair a bhi me i gConamara bliana o shin, bhi na daoine (foghlaimeoiri fasta) go leir ag cur isteach orm, ag labhairt Bearla an t-am ar fad. Cen fath gur thainig siad? Laethanta saoire? Nior thuig me. D'obair me go dion a bheith ann, agus iadsan ag cur an seans iontach sin sa bhosca bruscair.

    Go raibh maith agat do scriobh faoi. Ta se an-suimiuil agus spreagach.

    ReplyDelete