Thursday 21 July 2011

An Tiarna Siúcra

Bhí mé i m’fhiontraí óg lá den tsaol. Cheannaigh mé mo chéad ghnólacht go háitiúil ó chara liom agus gan ach 14 bliana slánaithe agam. ‘Comhlacht’ seachadta an nuachtáin Teileagraf Bhéal Feirste a bhí ann. D’fhágtaí na nuachtáin ag tairseach an tí agam gach lá, cúig lá sa tseachtain. Sheachadainn iad. Ag deireadh na seachtaine, bhailínn an t-airgead agus ghearrainn táille bheag as mo chuid oibre féin. D’fhostaigh mé duine eile le cuidiú liom agus thug sciar beag den teacht isteach dó. I ndiaidh dhá bhliain d’éirigh mé as, chuaigh i mbun siúinéireachta, shaothraigh airgead do dhuine inteacht eile, agus ansin chuaigh isteach sa tseirbhís phoiblí.

Tháinig mo chuid iarrachtaí fiontraíochta chun cuimhne chugam agus mé ag amharc ar ‘An Printíseach’, clár réaltachta gnó de chuid an BBC a mhair 12 sheachtain. I ndiaidh dom amharc ar an chéad chlár dar liom gur chuir a bhfaca mé i gcuimhne dom cén fáth ar fuath liom an caipitleachas agus gnéithe áirithe den saol gnó: sadall beag d’fhear ar mian leis go dtabharfaí ‘Tiarna’ air; an lí tóna ‘Sea, a Thiarna Siúcra, ní hea, a Thiarna Siúcra, trí mhála ollann, a Thiarna Siúcra’; na droch-iarrachtaí santacha sa seomra boird lena gcraiceann féin a shábháil agus le go dtabharfaí bata agus bóthar dá gcuid comhleacaithe; agus méar an tsadaill sa deireadh, ag díriú ar íobartach, agus é ag fógairt ‘bata agus bóthar duitse’. Bhí fuath i mo chroí dó, ach ba doiligh mo shúil a bhaint den teilifís.

Le himeacht na seachtainí, tháinig méadú mór ar mo mheas ar ghnéithe eile den chlár. Rud amháin a cuireadh ar mo shúile dom ná an dóigh a dtig le hiomaíocht idir foirne agus daoine nuálaíocht a spreagadh sa chine daonna.Tugadh táscanna do na rannpháirtithe agus bhí orthu iad a chur i gcrích in aicearracht: siopa mearbhia úr a oscailt, briosca úr a dhéanamh don mhórmhargadh, irisleabhar nua a dhearadh is a fhoilsiú, bruscar a dhiúscairt agus brabús a dhéanamh, apa a dhéanamh don ghuthán póca, táirgí Sasanacha a dhíol sa Fhrainc, táirgí éagsúla a dhíol ar an tsráid agus an brabús a ath-infheistiú sna cinn is mó ráchairt, plean gnó a chur i dtoll a chéile, srl.

In amanna léirigh siad buanna ar leith, mar shampla nuair a tháinig Tom na Teicneolaíochta ar ainmbhranda den chéad scoth, mar atá, MyPy; nó nuair a d’éirigh le Helen infheistíocht de £800,000 a fháil ó bhainisteoirí ASDA, nó nuair a bhí Jedi Jim ag díol earraí ar an tsráid. In amanna eile, náirigh siad iad féin lena gcuid amaidí agus bómántachta, mar shampla, nuair a shíl Tom gur Sasanach a bhí in Christopher Columbus, nuair a fuair Jim an figiúr £4,200 as £7 a iolrú faoi 60, nó nuair a d’fhiafraigh Susie an raibh dúil ag muintir na Fraince ina gcuid páistí. Ach sa deireadh, rinneadh táirge a chur amach, agus bhí an bua ag nuálaíocht an chine dhaonna.

Is é an ceacht a d’fhoghlaim mise ón chlár seo ná go bhfuil gá le fiontraithe agus le spiorad na fiontraíochta in achan sochaí, fiú i sochaí shóisialach chothromaíoch. Má tá geilleagar na hÉireann le teach aniar, beidh gá leis na mílte duine ar nós Jedi Jim agus a chuid nathanna cainte, Susie agus a cíocras chun gnó agus brabúis, Helen agus a cuid scileanna eagrúcháin agus féinsmachta, agus Tom bocht na braiteoireachta a thiocfaidh ar aireagán fiúntach amháin as gach 50 iarracht thubaisteach, ina ainneoin féin. Tá daoine mar seo de dhíth orainn in Éirinn, iad uilig ag streachailt le smaointe úra agus táirgí úra a thriail, iad a chur amach, agus fostaíocht, éagsúlacht agus deiseanna a chruthú.

Ina dhiaidh sin is uile, ní bheadh ródhúil agam sna Tiarnaí seo uilig, ag díriú na méar, agus ag fógairt ‘bata agus bóthar duitse!’. Ní mé an mbeadh éileamh ar an Teileagraf ag tairseach an tí go fóill beag?

3 comments:

  1. Píosa deas & go raibh maith agat as an bhfocal sadall, nach raibh agam!

    ReplyDelete
  2. ná agamsa gur casadh Corcaíoch deisbhéalach orm i nGleann Cholm Cille!

    ReplyDelete
  3. @ go bhfuil gá le fiontraithe agus le spiorad na fiontraíochta in achan sochaí, fiú i sochaí shóisialach chothromaíoch

    Aontaím..:-)

    ReplyDelete