Tuesday 5 May 2009

Ar an Ordóg

Bhí mé ag teagasc rang Gaeilge anocht i Leitir Ceanainn. Drochlá a bhí ann, é ag siobráil bháistí ó mhaidin go hoíche. Ar an bhealach abhaile, bhí fear ina sheasamh ar thaobh an bhóthair, cuma air go raibh sé fliuch báite, agus é ag iarraidh síob a fháil áit inteacht. Ba ghnách liom féin bheith ag lorg síbe gach lá idir an Srath Bán agus An Ómaigh nuair a thosaigh mé amach ar shaol na hoibre ag tús na n-ochtóidí. Chuireadh sé isteach ormsa i gcónaí an oiread daoine a théadh tharam sa charr gan amharc i mo threo fiú, agus cuid acu ar aifreann achan Domhnach ag éisteacht go cráifeach leis an scéal faoin Samárach Maith ag trasnú an bhóthair chun cuidiú le Giúdach a bhí go mór i sáinn. Bhíodh beirt nó triúr ann an t-am sin a thugadh síob dom go rialta, agus go dtí an lá inniu níor mhaolaigh an cairdeas eadrainn mar gheall ar an ghníomh beag cineáltais sin.

Dá bhrí sin, tá sé de nós agam anois stopadh agus síob a thabhairt don uile dhuine. Tuigimse go maith gur rud contúirteach é. Ní thig leat a bheith cinnte cad é atá ag dul ar aghaidh i saol an duine a bhfuil tú ag tabhairt síbe dó, nó cén cineál duine é nó í. Ach téimse féin sa seans mar is é an tuairim atá agamsa faoi seo ná má dhiúltaíonn achan tiománaí dea-chroíoch síob a thabhairt d'éinne, fágann sin na daoine bochta ar thaobh an bhóthair i lámha na dtiománaithe sin a bhfuil an droch-ghníomh ar intinn acu. Nuair a thógaim duine óg mothaím go bhfuil mé á sábháil ó chontúirt, agus is fiú sin a dhéanamh fiú má chiallaíonn sé go bhfuil tú do chur féin sa bhearna bhaoil.

Stop mé anocht agus thug síob don fhear seo a bhí ar thaobh an bhóthair. Bhí cuma measartha láidir air, agus an chéad chúpla soicind i ndiaidh dó teacht isteach sa charr bhí mé ag breathnú air le feiceáil an raibh aon lorg den ólachán air, nó an raibh gléas troda ar bith ina lámha aige. Bíonn faitíos agus cearthaí orm i gcónaí go dtí go bhfaighim amach cén cineál duine atá ann agus cá bhfuil a thriall. Bhí sé ag dul go Baile an Droichid, dhá mhíle taobh amuigh de Leifear.

Bhí sé ar a bhealach abhaile ó theach faire i mBeart, áit a raibh faire á déanamh ar dhuine óg a maraíodh i dtimpiste bóthair cúpla lá ó shin. Dar liom gur gníomh cineáltais é sin, a bheith ag síobshiúl ó Leifear go Beart, ar dhrochlá amach is amach, le dul toigh faire. Bhíodh sé féin ag obair leis an fhear óg a maraíodh agus bhí siad an-chairdiúil le chéile, agus ba léir dom go raibh an-bhrón air mar gheall ar bhás an fhir eile. Fuair a bhean féin bás díreach roimh an Nollaig, a dúirt sé, agus thug an fear óg a maraíodh an-tacaíocht dósan ón am sin ar aghaidh. 'Mura miste leat mé an cheist a chur' a dúirt mé 'cad é a thug bás do mhnása?' An ailse a dúirt sé. Bhí sí 27 mbliana d'aois. Bhris an gol air.

Tá Baile an Droichid dhá mhíle as mo bhealach féin ach ní thiocfadh liom gan é a thabhairt isteach an píosa beag sin den bhóthar. Sin duine nár chóir a bheith fágtha ar thaobh an bhóthair ar dhrochlá aimsire, a shíl mé. D'fhág mé slán aige. Ach tá sé i mo chloigeann go fóill.

2 comments:

  1. Cé a cheapadh go mbeifeása i d'aingeal, muise! Is iomaí scéal brónach sa saol seo. Nach méanar duit go bhfuair tú seans chun ualach duine a laghdú beagán.

    ReplyDelete
  2. Is maith do chineáltas, a chara, agus táim cinnte gur mhaith a thoradh don fhear sin.

    ReplyDelete