Wednesday 6 May 2009

Brón ar an Bhás

Fuair m'athair bás bliain ó shin inniu. An ailse a mharaigh é agus bhí sé 66 bliain d'aois. Is cuimhin liom an lá roimh a bhás. Lá geal grianmhar mar atá ar maidin inniu. Thug mé mo bheirt iníonacha lena fheiceáil. 'It's a quare day outside, sir' a dúirt mé leis. 'And it's bloody nice to see it' ar seisean. Ba léir domsa go raibh sé ag streachailt lena anáil a fháil, agus bhí a fhios agam gur sin an uair dheireanach a tchífeadh a ghariníonacha é. Ní raibh an caidreamh a bhí idir é féin agus mé féin saor ó locht. Chaith sé breis agus daichead bliain dá shaol ag streachailt leis an ól, agus duine ar bith agaibh a bhfuil sé de mhí-ádh oraibh taithí a bheith agaibh ar an tréith sin sa chine daonna tuigfidh sibh an dochar a dhéanann sé don duine agus don teaghlach. Ba mhíorúilt é gur mhair sé chomh fada agus a mhair, b'iomaí fear eile a bheadh sínte san uaigh fiche bliain roimhe sin. Ach bhí slua ollmhór ag an tsochraid an lá sin. Cé go raibh sé gafa sa teach le breis agus deich mbliana agus é scartha ón saol mór le tamall maith, tháinig na sluaite go dtí an teach faire. Bhí meas ag an mhórphobal air. Tógálaí den chéad scoth a bhí i m'athair. Smaoiním ar an dán sin a scríobh Máirtín Ó Díreáin agus é ag caint faoi phobal an oileáin. 'Thóg an fear seo teach, Is an fear úd, Claí nó fál, A mhair ina dhiaidh, Is a choinnigh a chuimhne buan.' Mhair m'athair sa tréimhse sin nuair a bhíodh meas ar obair na lámh. Ba de shliocht na tuaithe muid. Tháinig cuid mhór dá sheanchomhoibrithe chuig an teach lena ndea-chuimhní a roinnt linn agus le slán a fhágáil aige. Bhí dea-intleacht aige, agus choinnigh sé a intinn ag gabháil go dtí an deireadh. Fiú an lá sin roimh a bhás, thug mé fá dear go raibh crosfhocal an lae sin líonta agus críochnaithe aige ar an leaba. Peileadóir maith a bhí ann ina óige chomh maith, agus tháinig seanfhoireann Leac Phádraig amach lá na sochraide agus sheas le hómós ar dhá thaobh na cónra ag teacht amach as an tseipéal dó. Bhí diabhlaíocht ann agus ní raibh sé riamh fágtha gan freagra ina bhéal. Bhain m'athair leis an ré roimh an ipod, roimh an ghuthán póca, roimh ríomhairí, roimh an tsíor-theilifís agus eile. Bhí féith na scéalaíochta agus féith an ghrinn sa ghlún lenar bhain sé féin. Lá amháin bhí sé le dul isteach chuig an otharlann le dul faoi scian. Óbráid an-chontúirteach a bhí i gceist a thiocfadh a bhás a thabhairt. Bhí sé ina shuí sa teach agus mo dheirfiúr ag bearradh a chuid gruaige agus gan cead aige aon bhogadh a dhéanamh. 'How do you feel the day, sir?' a d'fhiafraigh mé de. 'Now I know how poor Kevin Barry felt' a d'fhreagair sé. Lá eile, i ndiaidh dúinn cathaoir rotha a fháil fána choinne, arsa mise leis 'Hi sir, you should try and get out now into a bit of sunlight'. 'Awe aye' ar seisean, 'I can hear them chatting now... I could have swore I saw Joe Devine makin' his way up the Glenshane Pass in a wheelchair'. Tháinig seanchara ar cuairt chuige lá agus chuir ceist air fána shláinte, 'Jim' arsa m'athair 'they've given me two years, and knowing my luck I'll probably be unfortunate enough to live every single day of it'. Ba shin é m'athair. Nuair a smaoiním ar a bhás, tagann dhá rud chun cuimhne. Thug sé aghaidh ar an bhás go cróga. An dara rud, cé gur galar millteanach é an ailse, bhí faill agam a chur in iúl dó go raibh grá agam dó, rud a bhí iontach tábhachtach don bheirt againn, sílim. Suaimhneas síoraí dá anam.

5 comments:

  1. Píosa álainn a Sheáin - airím go bhfuil mé th'éis castáil ar d'athair bheith á léamh.

    ReplyDelete
  2. Agus mise freisin, a Sheáin. Is deas an rud deis a fháil do shlán a fhágáil le duine, agus is maith liom go bhfuair tú an deis sin. Tá tusa agus d'athair i mo smaointe inniu.

    ReplyDelete
  3. Tuigim go beacht, a dhuine chóir. Nuair a bhí mo thuismitheoirí tinn, fuair siad aithne ar a chéile, agus grá dá chéile, nach bhfaca mé roimhe sin, agus fuair mé féin aithne orthu as an nua. Ailse a thóg an bheirt acu. Ar dheis Dé go raibh siad uile (más ceadmhach dom sin a rá anseo...)

    ReplyDelete
  4. Tuigim do chás. Faoiseamh a bhí sa bhás m'athair ag an deireadh, do féin go h-áirithe. Mar a dúirt sé féin, sa reilg tá stór againn go léir i dtaisce.

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agaibh, a chairde!

    ReplyDelete