Saturday 9 May 2009

Foghlaim agus Teagasc

Beirt atá ag freastal ar mheánrang de mo chuidse ar an tSrath Bán, bhí orthu dul isteach go Gaoth Dobhair inniu le dul faoi scrúdú. Meánleibhéal B1 de chuid an Teastais Eorpaigh sa Ghaeilge a bhí i gceist. Bhí an scrúdú le bheith ar siúl ar 10.00 ar maidin i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Shocraigh mé ar dhul a fhad le Gaoth Dobhair sa charr leo, agus bhí dianseisiún dul siar ar siúl againn sa charr ar an bhealach síos, mé féin ag cur ceisteanna orthu agus iad féin ag freagairt. Cé nach múinteoir cáilithe mé, is breá liom a bheith ag teagasc na Gaeilge. Mothaím freagrach as gach duine a bhíonn ag freastal ar mo ranganna. Má éiríonn duine as an rang, bím ag smaointiú go raibh an locht orm féin ar bhealach éigin. Má theipeann ar dhuine sa scrúdú, teipeann ormsa.

Ach caithfidh mé a rá go bhfuil an-mheas agamsa ar an bheirt seo. Chuir siad a gcroí isteach sa chúrsa seo. Tá leabharthaí nótaí scríofa amach acu, agus iad ag dul siar orthu i dtólamh. Is beag Béarla a labhraíonn siad liom. Tapaíonn siad gach deis an Ghaeilge a labhairt, cé go dtiocfadh linn caidreamh i bhfad níos fearr agus níos doimhne a bheith againn lena chéile i mBéarla, an mháthairtheanga ag an triúr againn. Bhí scrúdú cluastuisceana, scrúdú léitheoireachta, scrúdú scríofa agus scrúdú cainte acu inniu. Níl siad ag déanamh na gcúrsaí Gaeilge seo ar mhaithe le post níos fearr a fháil, nó le hardú céime a fháil, nó le cáilíocht mhúinteoireachta a bhaint amach. Níl ann ach go bhfuil grá acu don Ghaeilge, agus gur mhaith leo a bheith in ann í a labhairt níos fearr, níos minice, agus ag leibhéal níos airde.

Caithfidh mise a rá chomh maith go bhfuil an-mheas agamsa ar an chóras atá ag an Teastas Eorpach sa Ghaeilge, atá á chur ar fáil ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Tá 6 leibhéal ar fad i gceist (Bonnleibhéil A1 agus A2, Meánleibhéal B1 agus B2, agus Ardleibhéal C1 agus C2), agus tá trí leibhéal taobh istigh d'achan leibhéal acu sin (Pas, Pas le Tuilteanas, agus Pas le Gradam). Sin 18 leibhéal i ndáiríre, agus sílim gur cur chuige níos cruinne agus níos cuimsithí sin maidir leis na leibhéil éagsúla a thig a bheith i gceist agus daoine ag foghlaim na Gaeilge, nó aon teanga eile. Cuireann an Ollscoil na siollabais, an t-ábhar teagaisc, agus scrúduithe samplacha ar fáil ar an idirlíon agus thig le heagraíocht ar bith, nó le múinteoir ar bith iad a úsáid. Is beag ollscoil a dhéanann sin... tá an chuid is mó acu an-rúnda lena gcuid eolais. Thig le foghlaimeoir ar bith anois, fios a bheith aige cén leibhéal i ndáiríre atá bainte amach aige ar dhréimire na foghlamtha, seachas an tsíorfhoghlaim gan sprioc gan chuspóir a bhíodh ann le blianta blianta fada.

Tá mise den bharúil go bhfuil dualgas ar gach duine a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige, í a theagasc do 20 duine eile ar a laghad. Dá gcuirfimis an oiread céanna ama isteach i dteagasc na Gaeilge agus a chuirimid isteach ag gearán agus ag clamhsán fá fhadhbanna na Gaeilge agus fá na lochtanna atá ar achan duine eile, bheimis giota maith chun tosaigh leis an obair chun an Ghaeilge a chur i mbéal an phobail arís. Mar sin de, mura bhfuil rang á theagasc agat, d'iarrfainn ort dul chuig an suíomh seo, an t-ábhar uilig a chur i gcló, tús a chur le rang Gaeilge i do cheantar i mí Mheán Fómhair, agus tchífidh tú toradh éigin ar do chuid oibre. Ná fág an obair ar fad ag múinteoirí cáilithe... tá múinteoir in achan duine againn, agus tá tacaíocht ar fáil don mhúinteoir sin ar an suíomh idirlín sin. Agus tógfaidh na foghlaimeoirí do chroí.... is fiú go mór an dua é.

8 comments:

  1. Tréaslaím leat é. Agus is dócha go bhfuil an cheart agat. Ach táim drogallach. Ní dóigh liom go bhfuil an fhoighne, ná an cruinneas, agam le bheith i mo mhúinteoir. Thar rud ar bith eile, níl greim comhfhiosach agam ar an ngramadach. Tá's agam (de ghnáth) cad tá ceart, ach is fíor annamh go bhfuil fhios agam cén fáth!

    ReplyDelete
  2. Tuigim do chás, a Aonghuis! Nuair a bheas oideas na féinmhúinine sin i bpacáiste agat, a Sheáin, an gcuirfidh tú cóip chugamm, le do thoil!

    ReplyDelete
  3. Bain an fada den 'u' sin i 'féinmhuiníne', a mhúinteoir mhaith! Ar ndóigh, botún cló atá ann. Sea.

    ReplyDelete
  4. Botún cló eile: 'm' sa bhreis in 'chugam'! Ni raibh 'c' sin na maidine agam fós, an dtuigeann tú, a chara.

    ReplyDelete
  5. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  6. Dá mbeadh greim agamsa ar an Ghaeilge mar atá agatsa a Áine, ní fhéadfaí mé a stopadh!

    Amharcaigí air mar seo, an bheirt agaibh, dá dtiocfadh libh an 'drochGhaeilge' sin atá agaibh a theagasc do dhaoine eile, d'fhéadfadh múinteoir maith slacht a chur ar an drochGhaeilge a bheadh ag an foghlaimeoirí ina dhiaidh sin!

    No thiocfadh libh rabhadh a chur ar an fhógra, mar atá ag Concubhar thall in iGaeilge:
    "MÁS FOGHLAIMEOIR GAEILGE THÚ, D’FHÉADFADH SÉ DOCHAR BUAN A DHÉANAMH DOD’ CHRUINNEAS TEANGAN BHEITH AG FREASTAL AR AN RANG SEO"

    ReplyDelete
  7. An ceart...

    Ach is é múineadh na Gaeilge an tslí is fearr chun brú a chur ort féin do chuidse a fheabhsú! Ní mór duit bheith cruinn is ceart, chomh fada agus is féidir leat, nuair a bhíonn tú ag múineadh ruda. Mar a deirtear san arm, an céim dheireanach chun rud a fhoghlaim (agus tá's agaibh nach mbeidh deireadh leis go deo maidir leis an nGaeilge) ná an rud sin a mhúineadh do dhuine eile. Ná bíodh imní oraibh! Déanfaidh sé a mhaith daoibh.

    www.scoilgaeilge.org (táimid ag múineadh na Gaeilge gan múinteoir 'cáilithe' le breis is fiche bliain anuas)

    ReplyDelete
  8. A Shéamais, aontaímse leat. Thosaigh mise ag foghlaim na Gaeilge i ngeibheann i mBóthar na Cromghlinne... thosaigh mé féin ag foghlaim as Progress in Irish, agus nuair a bhí mé féin ar cheacht uimhir 3, chuir mé tús le bunrang de mo chuid féin agus ní raibh mé riamh níos mó ná trí cheacht chun tosaigh ar na daoine a bhí i mo rangsa! Chuir sin dlús agus luas faoin fhoghlaim, deirim leat! Ní féidir 'dúchas' a fhoghlaim, agus ní dhéanaim iarracht. Bainim sult as a bhfuil agam, agus cuirim leis an oiread agus a thig liom, i rith an ama.

    Coinnigí oraibh!

    ReplyDelete