Friday 15 May 2009

'Vótáil DUP, a haon, 'dó, trí'

Sin rosc catha i nGaeilge a bhíodh ag bairdéir beag aontachtach a raibh féith an ghrinn go smior ann, nuair a bhí mé féin istigh i gcarcair sna hochtóidí is nóchaidí. Ní cuimhin liom a ainm, agus fiú dá mba chuimhin, ní thabharfainn amach anseo é. Shíl go leor againn nach raibh ann ach amadán, cé go raibh cion agus gean againn air mar gur thug sé an ghealgháireacht isteach i láthair na gruamachta. Ach an bhfuil a fhios agat seo, le himeacht ama tá cuma ar an scéal nach raibh an bairdéir beag sin rófhada ar shiúl ón fhírinne.

Tá ceist agam. Is ceist Sé Contaethach í is dócha. An fiú an dua siúl isteach chuig aon ionad vótaíochta sna Sé Chontae le vótáil d'aon pháirtí eile seachas an DUP? An bhfuil aon pháirtí amuigh ansin atá toilteanach seasamh go láidir i gcoinne geáitsíocht an DUP? An bhfuil aon pháirtí amuigh ansin atá ag tabhairt dúshláin do riail na Breataine ar an chuid seo den tír níos mó? Agus ní ar an chogaíocht atá mé ag caint, tá deireadh leis sin, buíochas mór le Dia agus le haon duine eile a raibh lámh aige nó aici sa scéal sin. Is maith ann an tsíocháin, ach is lochtach agus aontaobhach an próiseas é.

Is le Sinn Féin a sheas mé den chuid is mó i rith mo shaoil. Níor vótáil mé d'aon pháirtí eile riamh, go dtí an toghchán deireanach, ach bhí Sinn Féin go fóill go láidir ar mo liosta an lá sin. Níl a fhios agam cad é le déanamh an iarraidh seo. Tá dóchas iomlán caillte agam sa phróiseas agus sa treo ina bhfuil muid ag dul. Ag am toghcháin is minic an Ghaeilge agus Éire Aontaithe i mbéal ionadaithe Shinn Féin, agus meallann an chaint sin mé ina dtreo nuair a chluinimse í, ach tá cuma na béalchráifeachta ar chuid den chaint sin anois nuair a dhéanann tú comparáid idir an beart agus an briathar.

Thóg mé bróisiúr beag toghcháin ar son Bhairbre de Brún agus Shinn Féin tá cúpla lá ó shin agus is é an teideal a bhí air ná 'Listening, Working and Delivering'. Níl aon amhras orm ach go bhfuil Sinn Féin ag éisteacht. Lena gceart a thabhairt dóibh, reáchtáil siad cruinnithe móra poiblí ar na mallaibh agus bhí deis ag achan duine againn freastal orthu agus ár dtuairimí a thabhairt. Níl aon amhras orm ach go bhfuil Sinn Féin ag obair go dian dícheallach chomh maith. Is iad Sinn Féin an t-aon dream amháin a tchím i measc an phobail anseo agus bíonn a gcuid comhairleoirí agus ball ag obair go crua ar son an phobail sin. Ach níl aon 'delivering' ann, ná baol air. Leis an fhírinne a dhéanamh is mó de 'Deliverance' atá againn anseo sna Sé Chontae ná 'Delivering'.

Ní ionsaí é seo ar Shinn Féin, ach cailliúint dóchais.

Is é an mana atá ag Sinn Féin le fada ná gurb iadsan páirtí an athraithe, go bhfuil siad ag iarraidh an saol polaitiúil a 'athrú' ó bhun go barr. De ghnáth ní chuirtear síos ar an fhocal seo 'athrú' nó cad é atá i gceist acu le 'athrú' agus cad é atá bainte amach acu maidir le 'hathruithe' a chur i gcrích. Agus leis an dul chun cinn, nó an easpa dul chun cinn, atá déanta ag Sinn Féin a mheas, caithfidh muid an focal sin 'athrú' a bhriseadh síos i rannóga éagsúla.

Mar phoblachtánach (lochtach go maith mé féin), tchím trí chineál 'athraithe' a bhíothas á lorg.
1. athrú dearfach de bharr na síochána agus imeacht na cogaíochta, agus daonlathú na Sé Chontae (clár polaitiúil an SDLP agus Workers Party).
2. athruithe maidir le cearta agus aitheantas dúinne sna Sé Chontae a tchíonn muid féin mar chuid de náisiún na hÉireann, agus a ndearnadh cos ar bolg ar na cearta agus aitheantas sin le blianta fada ag aontachtaithe agus ag Rialtas na Breataine. (Clár polaitiúil eite ghlas an SDLP)
3. An tAthrú Bunreachtúil ina mbeadh féinriail, neamhspleáchas iomlán agus saoirse ó riail eachtrannach in Éirinn Aontaithe. (Clár polaitiúil SF agus Gluaiseacht na Poblachta).

Athrú Cineál 1
Maidir le hathrú uimhir 1, níl aon amhras faoi ach go bhfuil athrú dearfach ar an saol anseo sna Sé Chontae mar gheall ar imeacht na cogaíochta agus teacht i réim na síochána. Diomaite de na heachtraí a tharla tamall de mhíonna ó shin, níl éinne á mharú ar na sráideanna. Tá cuid mhór campaí míleata de chuid na Breataine leagtha agus a gcuid saighdiúirí bogtha ar aghaidh chuig tíortha eile. Tá an teorainn ar oscailt. Tá náisiúntóirí agus aontachtóirí ag 'roinnt' mionchumhachta de chineál éigin. Mothaíonn daoine níos sábháilte, tá faoiseamh ar go leor daoine go fóill go bhfuil sé thart, cé go bhfuil glúin óg ag teacht chun tosaigh nach bhfuil aon eolas acu ar na rudaí a thit amach anseo. Níl éinne ag iarraidh pilleadh ar na seanlaetha cogaíochta.

Níor mhaith liom beag is fiú a dhéanamh de na hathruithe thuas, ach caithfidh muid iad a chur i gcomhthéacs. Is athruithe dearfacha iad a tharlódh i gcomhthéacs ar bith ina mbeadh deireadh le coimhlint agus deireadh le cogaíocht. Dá mbeadh deireadh leis an trodaíocht ar fad sna 70-óidí, b'fhéidir go n-éireodh le Sunningdale sa deireadh thiar thall... ní bheidh a fhios againn choíche. Ach cé go gcuireann gach duine fáilte roimh na hathruithe seo, ní féidir a mhaíomh gur dul chun cinn ar bith iad ar na spriocanna a bhí ag gluaiseacht na Poblachta le 30 bliain anuas.

Athrú Cineál 2
Anois, seo an áit a bhfuil an tubaiste. Níl aon cheart ná aitheantas againne sna Sé Chontae a tchíonn muid féin mar chuid de náisiún na hÉireann. Fuarthas réidh le hAlt 2 & 3 de Bhunreacht na hÉireann, agus cé gur scríobhadh isteach ina n-áit go raibh cead Saoránacht Éireannach a bheith ag éinne sna Sé Chontae, níl aon bhunús praiticiúil leis an tSaoránacht sin, seachas a bheith i dteideal Pas Éireannach, de réir cosúlachta. Ach bhí sin againn i gcónaí, agus mar sin de ní féidir a mhaíomh gur céim chun tosaigh atá ann. Níl aon rud praiticiúil agamsa a dtig liom a rá faoi 'Seo, bhain muid seo amach, ní raibh sin againn an t-am sin ach tá sé againn anois'. Níl Acht Teanga againn, rud a chiallaíonn nach n-aithnítear an Ghaeilge fiú. Níl cead agam vótáil d'Uachtarán na hÉireann. Ní thig liom ionadaí a chur chuig Dáil Éireann ach thig liom ionadaí a chur chuig Parlaimint Ghallda. Ní thig liom teastas breithe a fháil do mo pháistí i nGaeilge fiú. Ní thig liom clárú ar chóras cánach na gCoimisinéirí Ioncaim sna 26 Contae mar go bhfuil 'seoladh eachtrannach' agam. Caithfidh dhá chuntas bainc a bheith agam mar go bhfuil mé ag obair sna 26 Contae agus cónaí orm sna 6 Chontae. Ní thig liom airgead a chur ó chuntas amháin go dtí an cuntas eile, míle amháin suas an bóthar, gan táille idirnáisiúnta a íoc. Ar dhóigheanna áirithe, tá an chríochdheighilt níos láidre agus níos doimhne ná mar a bhí sí riamh. Agus cé go raibh Máirtín Mag Aonghusa toilteanach seasamh taobh amuigh de Stormont agus 'tréas' a chur i gcoinne poblachtóirí traidisiúnta (atá go hiomlán ar seachrán), ní fhaca mé aon bhall den DUP ag seasamh taobh amuigh de Stormont agus a rá go bhfuil sé in am freastal ar chearta agus ar aitheantas an phobail náisiúnaigh maidir le ceist na Gaeilge srl. 'Vótáil DUP, a haon, dó, trí' mar a deireadh mo bhairdéir beag greannmhar fadó.

Athrú Cineál 3
Tá ceist na hÉireann Aontaithe curtha san uaigh taobh le hÉirinn Rómánsúil O'Leary. Lena gceart a thabhairt dóibh is iad Sinn Féin an t-aon dream amháin a bhfuil 'comhrá náisiúnta' ag dul ar aghaidh acu ar an cheist, ach mar gheall ar an phróiseas a raibh siad féin á stiúradh agus á threorú le blianta fada, tá na páirtithe eile anois den bharúil go bhfuil an cheist bhunreachtúil 'socraithe', agus ní luafaidh ionadaí ar bith ó Fhianna Fáil ná ó Fhine Gael Éire Aontaithe arís go dtí go gcluinfidh siad an focal sin i mbéal na n-aontachtóirí iad féin. Is ag snámh in aghaidh a n-easa féin atá Sinn Féin anois. Fiú an tIar-Thaoiseach Bertie Ahern, sílimse go ndúirt sé ar na mallaibh go mbeadh móramh aontachtach de dhíth sula mbeadh Éire Aontaithe ann. Agus níl creidiúint ar bith fágtha ag aon fhocal atá scríofa i gComhaontú Aoine an Chéasta, tá an oiread sin gealltanas sa chomhaontú sin briste faoin am seo. Lena chois sin, is iad an sean-Workers Party agus an SDLP a bhí ag iarraidh Athrú Cineál 1 a chur i bhfeidhm le 30 bliain anuas, agus bhí muidne i ngluaiseacht na Poblachta a rá nach féidir sin tarlú, agus nach fiú sin tarlú, go dtí go mbeadh Athrú Cineál 3 i bhfeidhm ar dtús. Má d'éirigh linn aon rud a bhaint amach, d'éirigh linn clár oibre an Workers Party agus an SDLP a thabhairt ar an saol, rud nach dtiocfadh le ceachtar den dá pháirtí sin a dhéanamh iad féin.

Is mó d'athrú atá ar Shinn Féin mar pháirtí, ná d'athrú atá bainte amach acu sa tsochaí ina bhfuil siad.

Cé nach bhfuil mórán tábhachta le mo vóta ar an Déardaoin 4 Meitheamh, beidh mé istigh in ionad na vótaíochta agus beidh na pointí seo thuas ag dó na geirbe agam sula gcuirfidh mé peann luaidhe le pár.

3 comments:

  1. Níl fuascailt de cheiste agam. Ná fuascailt mo cheisteanna fhéin abhus ach oiread. Ach ní thig linn ach an cheist a chíoradh agus vótáil de réir ár gcoinsias - don dream is lú dochair!

    ReplyDelete
  2. Tá an ceart ar fad agat faoin 'dream is lú dochar', a Aonghuis. Níl a fhios agam an ionann sin agus an dream is mó sochar!

    ReplyDelete
  3. Ná agamsa.
    Agus tá an cheist sách chasta. Ní feidir linn a bheith ag súil le cabhair ó thar sáile níos mó, ná le filleadh na géanna fiáine. Fúinn fhéin atá sé...

    ReplyDelete